RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Rónán Abú!
Bhí an-oíche ag foireann Dhoirí Beaga de RTÉ Raidió na Gaeltachta ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais nuair a thug said leo an dá dhuais sa rannán raidió. Bronnadh an gradam do phearsa raidió na bliana ar Rónán Mac Aodha Bhuí don dara bhliain as a chéile ag an ócáid i bhFarmleigh Dé hAoine, agus bronnadh an duais do shraith raidió na bliana ar an gclár Rónán Beo @ 3.
Is as Cois Cláidí i nGaoth Dobhair do Rónán agus cuireann sé an clár Rónán Beo @ 3 i láthair ó stiúideo na nDoirí Beaga ó Mháirt go hAoine. Ní raibh teilifís ar bith acu sa teach agus Rónán ina ghasúr beag, agus mar sin bhí suim aige sa raidió ariamh, deir sé gur spreag sé a shamhlaíocht. Mixture maxture a bhíonn le cloisteáil ar an gclár, mar a deir sé féin, idir throm agus éadrom - ceol, siamsaíocht, agallaimh, cúrsaí sláinte, cócaireacht, scéalta nuachta, agus Mary Aggie, dár ndóigh.
RTÉ Raidió na Gaeltacht brought home both awards in the radio catgeory from the Oireachtas Media Awards, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, that took place in the grand setting of Farmleigh in the Phoenix Park on Friday night. RTÉ Raidió na Gaeltachta presenter Rónán Mac Aodha Bhuí won the prize for radio personality of the year for the second year in a row, and the Rónán Beo @3 programme team also took home the prize for radio series of the year at the awards.
Rónán Mac Aodha Bhuí is from Cois Cláidí in Gaoth Dobhair and presents the very popular programme Rónán Beo @ 3 Tues-Fri on RTÉ RnaG from 3-5 p.m. The light entertainment programme includes a mix of music, chat and interviews, and Rónán's unique style of presenting is a key element in the show's success - an ability to deal sensitively with subjects when necessary, a great sense of fun, a genuine curiosity and a touch of anarchy. Rónán was also shortlisted for the radio personality of the year at the Celtic Media Awards that took place earlier this year in Newry.

Foireann Rónán Beo @ 3, Eibhlín Ní Chonghaile, Cormac Ó hEadhra agus an Ceannaire Edel Ní Chuireáin ag na Gradaim Chumarsáide i dTeach Farmleigh.

Eimear Ní Fhearraigh, Cormac Ó hEadha, Gearóid Mac Donncha, Eibhlín Ní Chonghaile, Seán Ó hÉanaigh agus Edel Ní Chuireáin ag na Gradaim Chumarsáide i dTeach Farmleigh.

Dónall Mac Ruairí, Eimear Ní Fhearraigh, Áine Ní Dhíoraí, Gearóid Mac Donncha, Eibhlín Ní Chonghaile, Seán Ó hÉanaigh, Edel Ní Chuireáin, Rónán Mac Aodha Bhuí + Cormac Ó hEadhra ag na Gradaim Chumarsáide.

Cormac Ó hEadhra, Gearóid Mac Donncha, Eibhlín Ní Chonghaile, Seán Ó hÉanaigh agus Edel Ní Chuireáin

Foireann Rónán Beo leis an gCeannaire Edel Ní Chuireáin

Foireann Rónán Beo lena bhfoireann tacaíochta fhéin
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






