RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2009

Seán Bán Breathnach
Seán Bán Breathnach
Edel Ní Chuireáin, Ceannaire, le Seán Bán Breathnach
Edel Ní Chuireáin, Ceannaire, le Seán Bán Breathnach
Seán Ó Neachtain, MEP, Marion Ní Shúilleabháin, Pól Mac Donncha, Áine Ní Dhíoraí agus Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Seán Ó Neachtain, MEP, Marion Ní Shúilleabháin, Pól Mac Donncha, Áine Ní Dhíoraí agus Gormfhlaith Ní Thuairisg.

Bronnadh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais Dé hAoine 22 Bealtaine ag ócáid mhór i bhFarmleigh, i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath. Ba é an Feisire Eorpach, Seán Ó Neachtain, a bhronn na gradaim, agus ina aitheasc, mhol sé na forbairtí móra atá déanta in earnáil na meán Gaeilge in achar fíorghairid de bhlianta. "Is ábhar bróid dom", a dúirt sé, "an neart, an fuinneamh agus an ghairimiúlacht atá faoin tionscal óg seo in Éirinn agus déanaim comhghairdeachas ó chroí leis na daoine ar fad a thug gradam leo". Ghabh sé buíochas le hOireachtas na Gaeilge as aitheantas a thabhairt do na daoine atá ag baint barr feabhais amach in earnáil na cumarsáide Gaeilge.
Ocht nGradam ar fad a bronnadh agus bhí iomaíocht ghéar do gach aon cheann acu.

B'ábhar bróid do RTÉ Raidió na Gaeltachta gur bhuagh siad duais i ngach rannóg a raibh siad ainmnithe ar an ngearrliosta ann. Bhuaigh Adhmhaidin, príomhchlár chúrsaí reatha na seirbhíse, an duais don chlár raidió is fearr. Bhuaigh Rónán Mac Aodha Bhuí an duais do phearsa raidió na bliana agus bhuaigh Seán Bán Breathnach Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais.


Ba é In the Name of the Fada an clár a ainmníodh do Shraith Teilifíse na Bliana, ba é Joe Steve Ó Neachtain a bhuaigh an gradam d'Aisteoir na Bliana, ba é Dáithí Ó Sé a fuair an gradam do Phearsa Teilifíse na Bliana, ba é Eoghan Ó Néill a ainmníodh ar Iriseoir na Bliana, agus ba é Cathal Mac Coille a ainmníodh ar Cholúnaí na Bliana.

RTÉ Raidió na Gaeltachta have won three prizes at the Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2009 awards announced in Farmleigh on Friday 22 May. Adhmhaidin, the morning current affairs programme, won programme of the year, Rónán Mac Aodha Bhuí was named radio personality of the year, and Seán Bán Breathnach won the lifetime award, Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais.

Buaiteoirí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2009 a bronnadh i dTeach Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce Dé hAoine 22 Bealtaine.

Marion Ní Shúilleabháin, Pól Mac Donncha, Seán Bán Breathnach, Seán Ó Neachtain, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Edel Ní Chuireáin, Rónán Mac Aodha Bhuí agus Áine Ní Dhíoraí ag bronnadh na nGradam i dTeach Farmleigh.