RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Féile na Meán Ceilteach 2011

Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ainmnithe ar an ngearrliosta do Stáisiún na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach don dara bhliain as a chéile. Bronnadh an duais do Stáisiún na Bliana ar RnaG i 2009.

Tá Rónán Mac Aodha Bhuí, láithreoir Rónán Beo @ 3, ainmnithe ar an ngearrliosta do Phearsa Raidió na bliana don dara bhliain as a chéile chomh maith. Bhuaigh Rónán an duais do Phearsa Raidió na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i 2010, agus bronnadh an duais do chlár raidió na bliana ar Rónán Beo @3.

Tá an clár Athrú Saoil - An tSiúr Mairéad Mic Dhonnchadha ar an ngearrliosta do chláracha faisnéise. Is í Sorcha Ní Chéilleachair a láithrigh agus a léirigh an clár. Scéal Mairéad Mhic Dhonnchadha atá á ríomh ann, bean a raibh formhór a saoil caite aici ag obair sa Bhanc Ceannais i mBaile Átha Cliath nó gur chinn sí, in aois a leathchéad bliain di, dul leis na mná rialta.

Fógrófar na buaiteoirí ag Féile na Meán Ceilteach 2011 a bheidh ar siúl ó 13-15 Aibreán ar Oileán Leodhais in Albain.


RTÉ Raidió na Gaeltachta is very pleased to announce that it has received 3 shortlist nominations at the Celtic Media Festival 2011. The station is on the shortlist for station of the year, Rónán Mac Aodha Bhuí is shortlisted for personality of the year, and Athrú Saoil - An tSiúr Mairéad Mic Dhonnchadha is shortlisted for best documentary.

RTÉ Raidió na Gaeltachta was shortlisted last year for Station of the Year, and won the prize the previous year.

Rónán Mac Aodha Bhuí has been shortlisted as Radio Personality of the Year for the seond year in a row. Rónán Mac Aodha Bhuí is from Gaoth Dobhair in Donegal and presents the hugely-popular show Rónán Beo @ 3. He was named as Radio Personality of the Year at the Oireachtas media awards in 2010, and the programme was named radio programme of the year.

The documentary Athrú Saoil - An tSiúr Mairéad Mic Dhonnchadha, presented and produced by Sorcha Ní Chéilleachair, focuses on the life of Sister Máiréad Nic Dhonnchadha from Spiddal who made the decision to become a nun at 50 years of age, having spent most of her life until then working in the Central Bank.

Prize winners will be announced at the Celtic Media Festival on the Western Isles in Scotland from 13-15 April.