RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Gearóid Mac Donncha - Iriseoir Gaeilge na Bliana, 2009

Gearóid Mac DOnncha
Gearóid Mac DOnncha

Tá Gearóid Mac Donncha, láithreoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, ainmnithe ar Iriseoir Gaeilge na Bliana ag Duaiseanna na Meán Náisiúnta 2009, urraithe ag Bord Gáis. Is as Béal an Daingin i gConamara do Ghearóid agus tá sé ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 2006. Cuireann sé Nuacht a hAon i láthair, agus bíonn sé ag tuairisciú chomh maith do chláracha nuachta eile, chomh maith le bheith ag tráchtaireacht ar chluichí peile. Bhí sé ar dhuine de bheirt iriseoirí de chuid na seirbhíse a chuaigh go Beijing i 2008 le tuairisciú ar na Cluichí Oilimpeacha. Ar bhuaicphointí craolta le bliain anuas ag Gearóid bhí an craoladh as Beijing, éirí as an Taoisigh Bertie Ahern agus conspóid Thobar Gáis na Coiribe.

RTÉ Raidió na Gaeltachta presenter Gearóid Mac Donncha has been named Irish Language Journalist of the Year at the Bord Gáis National Media Awards. Gearóid is from Béal an Daingin in Connemara and has been working with RTÉ Raidió na Gaeltachta since 2006. He presents the weekday lunchtime news programme, Nuacht a hAon, and also covers some of the Gaelic games on weekend sports shows. He was one of two journalists from RTÉ Raidió na Gaeltachta who travelled to the Olympic Games in Beijing in 2008, and his experiences there rate as some of the highlights of his work in the last year. Other highlights include coverage of the day that Taoiseach Bertie Ahern announced his resignation, and the coverage of the Corrib Gas Controversy.