RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Tá siad ag teacht ...

Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag taifeadadh fógra nua teilifíse - an chéad cheann le fada an lá - ag deireadh mhí an Mheithimh agus tá muid ag iarraidh an baile Gaeltachta is fearr in Éirinn a aimsiú leis an fógra a thaifeadadh ann.

Má shíleann tusa gurb é do bhaile-se an ceann is fearr, bí ag caint linn agus abair linn cén fáth.

Cuir ríomhphost chugainn ag fogra@rte.ie faoin 20 Bealtaine agus

  • Déan cur síos ar an mbaile
  • Inis dúinn faoi mhuintir an bhaile, cé hiad na caraictéirí móra ann
  • Inis dúinn faoi na himeachtaí a bhíonn ar siúl ann
  • Inis dúinn má tá clubanna ar an mbaile nó ranganna nó a leithéid.
  • Bí Cinnte go gcuireann tú neart pictiúirí den bhaile isteach chugainn - mar gur fógra teilifíse atá ann, beidh na pictiúirí an-tábhachtach.
  • D'fhéadfaí físeán a thaifeadadh chomh maith agus é a chur ar Youtube ach ní gá, is leor na pictiúirí.

ANSIN, má roghnaítear do bhailese.

  • Beidh do bhailese le feiceáil ag gach duine sa tír amach sa samhradh ar RTÉ agus TG4.
  • Beidh deis ag muintir an bhaile a bheith páirteach san fhógra.
  • Beidh dathanna an chumainn áitiúil CLG ar na himreoirí san fhógra.
  • Beidh Raidió na Gaeltachta ag craoladh ón mbaile ar an lá a mbeidh siad ag scannánnú.
  • Agus beidh party mór ar an lá sin le ceol + beárbaiciú do mhuintir na háite agus neart craic.

Teastaíonn láthair cruinnithe éigin ar an mbaile ionas gur féidir an fógra a thaifeadadh - leithéidí plásóg b'fhéidir nó cearnóg nó páirc nó céibh fiú.

Bí ag caint linn ag fogra@rte.ie.