RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Fleadh Cheoil na hÉireann 2011

Ceol Binn ó na Beanna
Dé Máirt 16 Lúnasa 7 pm

Barrscéalta
Dé hAoine 19 Lúnasa 11 am

SBB ag Fleadh Cheoil na hÉireann
Dé Sathairn 20 Lúnasa 1.30 pm

Aifreann an Lae
Dé Domhnaigh 21 Lúnasa 11.30 am

Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl i mbaile an Chabháin arís i mbliana ó 15-22 Lúnasa, agus mar is iondúil beidh Raidió na Gaeltachta ansin i lár an aonaigh.

Beidh agallaimh le lucht eagraithe agus le cuairteoirí, chomh maith le ceol beo den scoth, le cloisteáil ar Bharrscéalta Dé hAoine 19 Lúnasa 11 am, agus ar SBB ag Fleadh Cheoil na hÉireann Dé Sathairn 1.30 pm.

Beidh Eagraí Ceoil na seirbhíse, Neansaí Ní Choisdealbha, i láthair chomh maith agus í iar thóir an cheoil is fearr ag seisiúin agus eile ar fud an bhaile. Beidh an ceol sin le cloisteáil amach anseo ar chlár Neansaí, Ceol Binn ó na Beanna.

Tá an Fleadh ar an ócáid is mó sa bhliain do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, atá ag ceiliúradh 60 bliain ar an bhfód i mbliana, agus beidh eagrán speisialta den chlár Ceol Binn ó na Beanna ag Neansaí Ní Choisdealbha Dé Máirt 16 Lúnasa ag caitheadh súil siar ar stair an Chomhaltais, agus ag casadh an cheoil is fearr atá eisithe acu ar cheirníní ó bunaíodh iad.

Craolfar Aifreann an Lae Dé Domhnaigh 21 Lúnasa ó Ardeaglais Naomh Naomh Pádraig agus Naomh Féilim i mbaile an Chabháin.

RTÉ Raidió na Gaeltachta will be broadcasting live from Fleadh Cheoil na hÉireann, which will take place in Cavan town for the second year in a row this year.

Listeners can hear interviews with organisers and visitors to the Fleadh, as well as lots of live music on Barrscéalta on Friday 19 Aug 11 am, and on SBB ag Fleadh Cheoil na hÉireann at 1.30 pm on Saturday.

Music Editor Neansaí Ní Choisdealbha will be at the Fleadh as well, on the lookout for the best music at sessions throughout the town which she will record for broadcast at a later date on her programme Ceol Binn ó na Beanna.

The Fleadh is the biggest event of the year for Comhaltas Ceoltóirí Éireann who celebrate 60 years this year, and Neansaí Ní Choisdealbha will broadcast a special edition of Ceol Binn ó na Beanna on Tues 16 Aug 7.00 pm celebrating Comhaltas's work and history.

Mass of the day on Sun 21 Aug will be broadcast from the Cathedral in Cavan at 11.30 am