RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Fillteoga Tortilla le sicín, cáis agus maonáis

Comhábhair
225g/8 unsa sicín cócaráilte, stiallta
25-50g/1-2 unsa cáis ghrátáilte
2-4 slis bagúin griollta, spíota (roghnach)
1-2 píosaí soiléire mionghearrtha
1-2 scailliún mionghearrtha
2-3 spúnóg bhoird maonáise
pinse beag piobar dearg - roghnach
cúpla braon anlann tabasco - roghnach

Paicéad fillteoga tortilla téite

Modh
1. Déan na comhábhair go léir a mheascadh le chéile i mbabhla agus cuir cúpla spúnóg den mheascán i lár fillteog tortilla agus rollaigh suas é.
2. Cuir chun boird le leitís spíonta.

Nóta:
Is féidir an leitís spíonta a meascadh leis an sicín sa mbabhla sula líontar na fillteoga.
Téigh na fillteoga tortilla casta i stáinpháipéar in oigheann te ag teocht 180C/350F/Gás 4 ar feadh 15 nóiméad.

Cuir clúdach tanaí cáis philadelphia ar an tortilla ar dtus más mian.

Is féidir avacád (avocado) a úsáid in áit sicín nó úsáid bradán deataithe nó clocháin.

Fillteoga Tortilla la Piorra abhacáide

Comhábhair
8 fillteog tortilla
3 abhacád mhóra, gearrtha suas i gciúba beaga
1 chlóibh gairleoige, brúite
25g/1 unsa trátaí grian-thriomaithe
25g/1 unsa biolair, spíonta
1 oinniún beag dearg, mionghearrtha
2 spúnóg bhoird sú liomóide
3 spúnóg bhoird iógart nádúrtha
Stialla leitíse
2-3 trátaí i sliseanna
salann agus piobar dubh

An Modh
1. Cuir na fillteoga tortilla is táin pháipéar agus téigh in oigheann te ar feadh thart ar 15 nóiméad.
2. Measc na comhábhair eile le chéile ach amháin na trátaí, cuir cuid dó seo i lár gach fillteog agus cuir leis slis trátaí agus rollaigh suas.