RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Féile Ealaíon na Gaillimhe 2010
Tá cáil ar fud an domhain ar Fhéile Ealaíon na Gaillimhe a, agus Dé Céadaoin agus Déardaoin 14 agus 15 Iúil craolfar Iris Aniar, Binneas Béil agus An Caifé Ceoil ón ródaí i lár chathair na dTreabh don bhFéile. Ar Iris Aniar ag 9.08 am beidh Bríd Ní Chualáin sa chathaoir agus í i mbun cainte le haisteoirí, le damhsóirí, le lucht gnó an bhaile agus le lucht eagraithe na féile faoi fhéile 2010. Iarratais cheoil a bheidh ar Bhinneas Béil ag 2.00 pm agus gheobhfaidh éisteoirí blaiseadh de scléip agus d'atmaisféar na féile ón gclár. Is iad Síle Ní Scanláin agus Colman Seoighe a bheidh ag craoladh istoíche ar An gCaifé Ceoil ag 9.00 pm le ceol beo ó chuid de na bannaí a bheidh páirteach sa bhFéile, chomh maith le neart duaiseanna agus ticeád le tabhairt amach d'éisteoirí.
Féach na pictiúirí anseo/See pics here
On Wednesday and Thursday RTÉ Raidió na Gaeltachta's mobile studio An Ródaí will be parked up on Eyre Square and Iris Aniar, Binneas Béil and An Caifé Ceoil from there both days. On magazine programme Iris Aniar at 9.08 a.m. presenter Bríd Ní Chualáin will be talking to artists, musicians, organisers, visitors and Galwegians alike about the festival and what it means to them. Later in the day at 2 p.m. request programme Binneas Béil will be broadcast from the Ródaí, and finally on late night music programme An Caifé Ceoil at 9.00 p.m., young presenters Síle Ní Scanláin and Colman Seoighe will have plenty of ticket giveaways for listeners as well as in studio performances from some of the bands performing in the festival and music from their latest CDs.
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






