RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Faoi Chaibidil
Dé Domhnaigh 1.10 i.n.
Láithreoir: Áine Ní Chiaráin
Léiritheoir: Cearbhall Ó Síocháin
faoichaibidil@rte.ie
Podchraoladh/Podcast
Beidh plé, díospóireacht, anailís pholaitiúil agus léirmheas ar na meáin Ghaeilge le cloisteáil sa tsraith cúrsaí reatha seo faoi stiúir Áine Ní Chiaráin agus beidh painéal rialta cuiditheoirí ag an gclár a chraoltar ó stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDomhnach Broc chomh maith le haoi-cholúnaí in aghaidh na seachtaine a thabharfaidh léargas pearsanta ar cheisteanna reatha polaitiúla agus cultúrtha. Déanfaidh an clár cúram de chúrsaí iriseoireachta sna meáin Ghaeilge freisin - earnáil a bhfuil borradh mór fúithí le blianta beaga anuas - agus beidh tráchtaireacht agus tuairimíocht le fáil ar an gclár faoin gcaoi a bpléann na meáin Ghaeilge le scéalta na seachtaine.
Tá Áine Ní Chiaráin ina hEagarthóir Polaitíochta ar an nuachtán seachtainiúil Foinse agus tá taithí fhairsing aici ar chláracha cúrsaí reatha agus na meáin Ghaeilge, idir chraoladh agus chló. D'oibrigh sí mar thuairisceoir agus mar láithreoir le RTÉ, TG4 agus le RTÉ Raidió na Gaeltachta.
- NOW: Nead Na Fuiseoige
- NEXT: Adhmhaidin
Súil Siar






