RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Eureka!

Bríd Maloney
Bríd Maloney
Conn Ó Muíneacháin
Conn Ó Muíneacháin

Dé Céadaoin 8.00 i.n.
Láithreoir: Bríd Maloney
Léiritheoir: Conn Ó Muíneacháin
eureka@rte.ie

Podchraoladh/Podcast

Clár eolaíochta atá dírithe ar dhaltaí san idirbhliain is ea Eureka! Tá téama faoi leith le gach clár sa tsraith, agus beidh mír seachtainiúil ann le comhlacht Gaeltachta atá ag baint usáide as an eolaíocht ina ngnóthaí, agus mír le hÉanna Ní Lamhna.

Ar ábhair na gclár sa tsraith beidh an fuinneamh, an fhisic, réalteolaíocht agus an spás, an timpeallacht, ríomhaireacht, aeráid agus aimsir, sláinte agus leigheas, géineolaíocht (DNA srl) agus muireolaíocht.

Tá sé mar aidhm ag Eureka! spéis a chothú i measc an aosa óig i gcúrsaí eolaíochta agus tacú le múinteoirí eolaíochta atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge. Is í Bríd Maloney, bean óg as Co. Lú, láithreoir an chláir agus is é Conn Ó Muíneacháin ó Edgecast Media an léiritheoir.


Léiríodh an tsraith seo le maoiniú ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Choimisiúin Craolacháin na hÉireann.

Clár 22 Deireadh Fómhair
Éist leis an gclár anseo
Bia agus talmhaíocht atá faoi chaibidil sa chlár seo.

Clár 15 Deireadh Fómhair
Éist leis an gclár anseo
Clár faoin bhfisic.

Clár 8 Deireadh Fómair
Éist leis an gclár anseo
Clár faoin ngéineolaíocht agus an éabhlóid.

Clár 1 Deireadh Fómhair 2008
Éist leis an gclár anseo
Clár faoin bhfuinneamh - foinsí nua fuinnimh, caomhnú fuinnimh agus an téamh domhanda.