RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Ealaíontóir Cónaitheach RTÉ Raidió na Gaeltachta

Ceara Conway
Ceara Conway

Tá Ceara Conway ón gCeathrú Rua ceaptha ina healaíontóir cónaitheach le RTÉ Raidió na Gaeltachta, i gcomhar le hEalaíon na Gaeltachta. Beidh Ceara ag obair ar phíosa ealaíne a chuirfeas in iúl an tseirbhís a chuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil don phobal, agus an ceangal láidir atá idir an stáisiún agus na pobail Ghaeltachta ar fud na tíre. Ní fios go fóill céard go díreach a bheidh i gceist san obair ealaíne - braitheann sé sin ar an taithí atá ag Ceara ar an stáisiún agus ar na tuairimí a thagann ón bpobal don togra. Ba cheart go mbeadh an píosa ealaíne críochnaithe faoi mhí an Mheithimh 2009 nó mar sin.

Más mian leat teagmháil a dhéanamh le Ceara, is féidir leat sin a dhéanamh ach ríomhphost a chur chuig Ceara, nó glaoch a chur uirthi ag 0876934038.

Seo cuid de na pictiúir den togra atá idir lámha ag Ceara. Faigheann sí smaointe ó thimpeallacht an stáisiúin i gCasla, áit a bhfuil ceanncheathrú RTÉ Raidió na Gaeltachta, ón obair atá ar siúl taobh istigh, ón treallamh atá in úsáid, agus ón bhfoireann. Seo cuid de na rudaí a spreag í, agus cuid de na smaointe atá á bhforbhairt aici faoi láthair i dtaobh an saothar ealaíne.

Taobh amuigh den stáisiún i gCasla

Sliogán a bhí taobh amuigh sa bhféar.

An nasc idir sliogáin agus cluasáin

Éisteoir agus múnla dá cluas á dhéanamh

An chosúlacht idir na fuaimthonnta seo agus Ogham

An chosúlacht idir sin agus píosa ceoil scríofa.

Billeoga páipéir i leabhar i gCasla.