RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Éadulaingt Cruithneachta
Tá alán daoine nach féidir leo cruithneacht a ithe agus tá an t-ádh orainn anois go bhfuil an oiread aráin gan chruithneacht ar an margadh agus neart plúir éagsúla freisin, mar shampla Oldums Gluten free agus Tritamyl White bread mix.
Arán sóid le plúr spelt
Comhábhair:
225g/8 n-unsa plúir bán spelt
225g / 8 n-unsa plúir donn spelt
(Is féidir níos mó nó níos lú donn/bán a chur isteach, ach gur punt meáchain a bheadh ann idir an dá cheann)
0.5 taespúnóg sóid aráin
(nó spúnóg iomlán sóid más plúr donn in iomlán atá in úsáid)
0.5 taespúnóg salainn
1 spúnog bhoird ola lus na gréine nó 25g/1 unsa ime
0.33 lítir bainne géar nó bláthach
Modh
1. Measc an t-iomlán i mbabhla mór.
2. Doirt isteach i stáin gréisithe 2 phunt.
3. Bácáil ar feadh thart ar 45 nóiméad.
Arán gan gluten
Comhábhair
350g/12 unsa Tritamyl meascán aráin
375ml / 3 unsa lachta uisce bog
15ml / 1 spúnóg bhoird ola glasraí
Modh
1. Cuir an plúr i mbabhla, cuir leis seo an t-uise agus ola agus measc go maith.
2. Doirt isteach i stáin gréisithe 2 phunt agus fág in áit te agus é clúdaithe ar feadh thart ar leathuaire nó go n-ardóidh an meascán.
3. Bácáil in oigheann réamh-théite ag 200C/400F/Gas 6 ar feadh thart ar 35-40 nóiméad.
4. Tóg as an stáin agus lig dó fuarú roimh ghearradh.
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






