RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Dinnéar na Nollag
Am rósta an Turcaí
Meá an turcaí tar éis an forlíonadh a chur isteach leis.
15 nóiméad don phunt agus 15 nóiméad breise ag deireadh.
Cuimil neart ime ar an turcaí agus clúdaigh go bog le stáin-pháipéar, ag fágáil neart spáise idir barr an turcaí agus an stáin-pháipéar (saghas pobal nó tent) le go mbeidh aer thart ar an éan.
Déan é a róstadh ag 180C/350F/Gás 4 ar feadh thart ar 3-3.5 uair.
Tóg an stáin pháipéar den turcaí ar feadh an 3/4 uair deiridh agus árdaigh an teocht go 200C/400F/Gás 6. Níl anseo ach nod don chócaire, mar tá gach oigheann difriúil.
Is féidir freisin an t-oigheann a bheith an-te ag tús ama, abair 220C/425F/Gás 7 agus ansin ísligh go Gás marc 3 théis leathuaire. Tóg do rogha féin.
Meáchan deas do chlann is ea turaí 12-14 punt/5.5 - 6.5 kg.
Forlíonadh don turcaí
Comhábhair
1kg/2 phunt feoil ispíní (sausage meat)
4-6 spúnóg bhoird bruscar áráin bog/úr
1 oinniún mór mionghearrtha/mionnaithe
1-2 ubh buailte - an méid is gá!
2-3 cois soiléire (celery) mionnaithe
2 spúnóg bhoird ime leáite
piobar agus salann
Measc an forlíonadh agus cuir an 3/4 cuid i mbrollach an turcaí agus an chuid eile istigh san éan.
Nóta: Cuirimse gallchnó mionghearrtha sa mheascán freisin - 2-3 unsa más maith leat.
Bachlóga na Bruiséile le bagún
Comhábhair
450g/1 phunt bachlóga na Bruiséile (brussel sprouts)
110g/4 unsa sliseanna bagúin
25g/1 unsa ime
2 oinniún bheaga (shallots) mionghearrtha
1 chlóibhín gairleoige - brúite
1-2 spúnóg bhoird fíon bán (Riesling an-deas)
salann agus piobar
Modh
1. Gearr an chroiceann de na sliseanna bagúin agus cuir ar friochtán te leis an im nó go mbeidh siad rósta.
2. Gearr na sliseanna bagúin ina bpíosaí beaga agus déan iad a fhriochadh go mbeidh siad briosc. Cuir leo na hoinniúin bheaga agus gairleog agus déan iad a fhriochadh.
3. Déan an chabáiste a ghailiú nó fiuch ar feadh cúpla nóiméad (3-4 nóimead).
4. Séalaigh go maith agus ansin cuir sa bhfriochtán agus téigh go maith.
5. Ardaigh an teas go hard, cuir isteach braon beag fíona agus lig dó fiuchadh go mbeidh na bachlóga réidh.
6. Cuir chun boird breá te.
Nóta: Tá sé go deas na bachlóga seo a mheascadh le piobar dearg rósta in ionad an bhagúin más mian leat, agus más feoil-séantóir tú.
Cabáiste Dearg Bácáilte
Comhábhair
450g/ 1 phunt Cabáiste Dearg - gearrtha go mion
225g / 8 n-unsa úll cócaireachta - iad lomtha agus gearrtha go mion
2 oinniún mhóra mionghearrtha
3 spúnóg bhoird siúcra donn
3 spúnóg bhoird finéagar fíona
1 chlóibhín gairleoige - mionghearrtha
0.5 tae-spúnóg clóibhíní mion nó púdar
25g/1 unsa ime
Modh
(1) Socraigh i srathanna an chabáiste, an t-oinniún agus an t-úll leis na spíosraí agus an ghairleog.
(2) Doirt an meascán finéagair agus siúcra anuas air seo agus ansin cuir cúpla daba ime ar a bharr.
(3) Clúdaigh go daingean agus bácáil in oigheann réamh-théite ag 150C/300F/Gás 2 ar feadh thart ar 2-2.5 uair.
Nóta:
Is féidir an mhias seo a chur sa reoiteoir nuair atá sé fuaraithe.
- NOW: Scoth na hAoine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






