RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Dinnéar Dhomhnach Cásca
Is í an uainfheoil béile traidisiúnta Dhomhnach Cásca agus is deas agus is blasta cois mhór uainfheola a róstadh le spioraí rósmhuire ar a bharr chun blas speisialta a thabhairt don fheoil. Bheadh píosaí abhacáid (avocado) le cloicheáin measctha le maonáis go deas mar an chéad chúrsa agus glasraí róstadh (cairéidí, meacáin bhána agus fataí) san oigheann leis an uainfheoil leis an mbéile breá seo a chríochnú. Céard faoi mhilseog? Císte seacláide, céard eile?! Is mór an spóirt é agus éasca le déanamh. Seo chuige...
Císte Seacláide
Comhábhair
225g/8 n-unsa ime nó margairín
225g/8 n-unsa siúcra mín
4 ubh mhóra
225g/8 n-unsa plúr aeraithe criaraithe
25g/1 unsa cócó dorcha criaraithe
Modh
1. Cuir na comhábhair go léir isteach in inneall próiseála bia agus measc go maith go mbíonn meascán deas bog ann.
2. Doirt isteach i dhá stáin 7"- 8" agus iad gréisithe agus ansin plúraithe le píosa páipéir gréisithe ar a bhun.
3. Bácáil i lár oigheann réamh-théite ag 350F/180C/Gás 4 ar feadh thart ar 20-25 nóiméad.
4. Fuaraigh ar thrádaire sreinge agus nuair atá siad iomlán fuar, maisigh le reóán seacláide.
Reoán Faoiste Seacláide (chocolate fudge)
Comhábhair
75g/3 unsa ime
250g/10 n-unsa siúcra reoáin
1 Spúnóg bhoird cócó dorcha criathraithe
2.5 spúnóg bhoird bhainne
Modh
1. Cuir na comhábhair i mbabhla os cionn uisce te ar feadh nóiméad agus measc nó go mbíonn meascán deas bog agat.
2. Lig dó fuarú go hiomlán nó go mbíonn sé deas tiubh.
3. Úsáid cuid den mheascán leis an dá chíste a cheangal le chéile.
4. Úsáid an chuid eile den reoán chun an císte a chlúdú agus a mhaisiú.
Maisigh don Cháisc le huibheacha beaga daite do pháistí, agus le maisiú seacláide do dhaoine fásta!
- NOW: Scoth na hAoine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






