RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Ding Fataí Spíosraí
(Spicy potato wedges)
Comhábhair
4-5 fataí móra sciúrtha, glanta
1-2 clóbh gairleoige brúite
1 taespúnóg paprika te
pinse salainn agus piobair
1-2 spúnóg mhór ola ológa
Modh
1. Gearr na fataí ina nding (wedges).
2. Measc leis an ngairleog, paprika, piobar agus salann agus ola ológa go mbeidh siad ar fad clúdaithe leis an ola.
3. Cuir ar stáin trom agus déan iad a róstadh in oigheann te ar feadh thart ar 25-30 nóiméad. Iompaigh na ding ó am go ham.
4. Ith leis an anlann trátaí baile (thíos) nó siopa (ketchup).
Anlann trátaí
Comhábhair
2 taespúnóg ola ológa
1 oinniún mór, mionghearrtha
1 chlóibhín gairleoige brúite
3 spúnóg bhoird purée trátaí
6 spúnóg bhoird ketchup
pinse salainn
Pinse paprika te
spúnóg mhór basil mionghearrtha
Modh
1. Frioch an ghairleog agus an t-oinniún in ola te go mbíonn siad bog.
2. Measc isteach an purée, an ketchup, siúcra agus paprika agus cócaráil go mbíonn sé deas tiubh.
Nóta: Ith le hubh friochta agus pónairí, agus gloine mhór bainne.
- NOW: Scoth na hAoine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






