RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Cláracha Faisnéise le cloisteáil ag an deireadh seachtaine
Bhí trí chlár faisnéise le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le linn an deireadh seachtaine fada agus stair Amharclann an Damer, boy racers Chonamara agus an Aetóip a bhí faoi chaibidil iontu.
Dé Domhnaigh 24 Deireadh Fómhair 1.15 pm
Muintir na Gaeltachta sa Damer
Éist leis an gclár / Listen here
Dé Domhnaigh craoladh Muintir na Gaeltachta sa Damer, clár faisnéise le Mairéad Uí Dhomhnaill. Ba i 1955 a bhunaigh Gael-Linn Amharclann an Damer, an chéad amharclann lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, agus as sin go dtí lár na seachtóidí bhíodh muintir na Gaeltachta le feiceáil go minic ar stáitse ann. Sa chlár seo, léiríonn Máiréad Uí Dhomhnaill mar a chuaigh an amharclann Ghaeilge seo i bhfeidhm ar shaol amharclannaíochta na tíre, orthu siúd a bhí páirteach ann agus orthu siúd a d'fhreastail ar na hoícheanta drámaíochta agus ceoil. Tá cur síos sa chlár ar chuid de na daoine a bhí páirteach san amharchlann, ar na mór-léirithe go raibh muintir na Gaeltachta páirteach iontu, an seasamh a thug na hOícheantaí Seanchais do shaibhreas cultúra na Gaeltachta taobh amuigh de na ceantracha Gaeltachta agus an obair cheannródaíoch a dhein Gael-Linn.
Léirithe ag Máiréad Uí Dhomhnaill. Maoinithe ón gciste Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann.

Dé Luain 25 Deireadh Fómhair 9.08 am
Ar an Inneall
Éist leis an gclár / Listen to the programme
Dé Luain craoladh an clár faisnéise Ar an Inneall scéal na dtiománaithe óga, boy racers Chonamara, a ríomh. Cloisfimid tuairimí mhuintir na háite agus na nGardaí ina dtaobh, agus cloisfimid chomh maith ó na daoine óga iad féin, a labharfaidh faoina gcuid carranna, faoin fáth go ndéanann siad suas iad agus faoin mhí-thuiscint atá ar dhaoine ina dtaobh. Tá ceol cumtha go speisialta ag Vinnie Kilduff don chlár seo. Maoinithe ón gciste Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann.

Dé Luain 25 Deireadh Fómhair 1.30 pm
Sé Lá san Aetóip le GOAL
Éist leis an gclár anseo / Listen here
Ansin ag 1.30 pm ar an Luan craoladh an clár Sé Lá san Aetóip le GOAL. I mí Eanáir na bliana seo thaistil Micheál O Foighil agus Micheál S Mac Donncha ó Choláiste Lurgan i gConamara, agus Gearóid Mac Donncha ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, chun na hAetóipe le go bhfeicfidís an obair atá ar siúl ann ag an gcarthanacht GOAL. Sa chlár seo tugann siad cuairt ar thrí phobal éagsúla i gceantar Borena ar an teorann le Kenya, áit a bhfaigheann siad léargas ar an obair atá ar siúl ann ag GOAL agus carthanachtaí eile mar iad. Labhrann Gearóid le sinsir na dTreabh agus le daoine áitiúla faoi na hathruithe atá tagtha ar an saol dóibh de bharr na dtograí i réimse an oideachais, an uisce agus an tsláinte, atá bunaithe ag GOAL. Glacann siad páirt i searmanas traidisiúnta caife, agus déanann siad cur síos ar na haistir fhada a dtugann siad fúthú sna ceantair iargúlta seo, áiteanna nach bhfacthas go minic fear geal ann ariamh cheana. Chomh maith leis sin tugann siad cuairt ar an bpríomhchathair Addis Ababa, áit a gcastar páistí sráide leo a labhrann le Gearóid faoin saol atá acu.


- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






