RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Daidí na Nollag

Beidh Daidí na Nollag i Raidió na Gaeltachta i gCasla Dé Domhnaigh 18 Nollaig ó 1.00 p.m. - 4.00 pm.

Tá fáilte roimh ghasúir atá 10 mbliana d'aois, nó faoina bhun sin, teacht ar cuairt chuige ar an lá sin. Níl aon ticéid i gceist.

Ba mhaith le Daidí na Nollag pictiúirí, dánta agus amhráin a fháil ó na gasúir, agus is féidir iad a chur ar an bposta chuig:

Daidí na Nollag
f/ch Raidió na Gaeltachta
Casla
Co. na Gaillimhe

Beidh siad seo crochta sa Raidió do chuairt Dhaidí na Nollag.

Tá sé ag súil go mór le casadh leis na gasúir uilig.


Caithfidh tuismitheoir a bheith in éineacht leis na gasúir.

Níl aon chostas i gceist leis.