RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Cuairt an Phápa 1979

Táthar ag ceiliúradh tríocha bliain i mbliana ó thug an Pápa Eoin Pól II cuairt ar Éirinn. Ní bhíodh Raidió na Gaeltachta ag craoladh ach ar feadh 4 uair an chloig sa lá an t-am sin, ach cuireadh síneadh leis na huaireanta leis an gcuairt uilig a chlúdach agus bhí craoladh ó dhubh go dubh. Bhí tuairisceoirí ag Raidió na Gaeltachta sna hionaid uilig a raibh an Pápa iontu, agus bhí Seán Ó Tuairisg i measc na n-iriseoirí a thaistil ón Róimh leis an bPápa. Sa chlár seo, cloisfear na cuimhní cinn atá aige siúd, agus ag baill foirne eile, ar an deireadh seachtaine stairiúil sin. Orthu siúd a bheidh le cloisteáil beidh Maidhc P Ó Conaola, Mícheál Ó Sé, Aingeal Ní Chonchúir, Feardorcha Ó Colla agus Timlín Ó Cearnaigh.

Dé Luain 26 Deireadh Fómhair 1.30 i.n.

Éist leis an gclár/Listen to the Progamme

Pope John Paul II visited Ireland at the end of September 1979, thirty years ago this year. Raidió na Gaeltachta was a fledgling station at the time, broadcasting approximately 4 hours a day or so, but those hours were extended significantly for the weekend and reporters were sent to all places on the Pope's itinerary to ensure full coverage of the visit from morning to night. Listeners will have a chance to hear this programme again this week, featuring some of the journalists who worked at the station at the time who recall their memories of that historic visit, and they include Seán Ó Tuairisg who travelled from Rome with the Pope, as well as Maidhc P Ó Conaola, Mícheál Ó Sé, Aingeal Ní Chonchúir, Feardorcha Ó Colla and Timlín Ó Cearnaigh

Monday 26 October 1.30 p.m.