Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

17.00 - 18:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

cormac5@rte.ie

Cormac ag a Cúig Dé hAoine 13 Meitheamh 2014

Clár cúrsaí reatha agus spóirt, á chur i láthair ag Cormac Ó hEadhra ó Bhaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bheidh faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Beidh míreanna rialta faoi chúrsaí gnó, beidh colún raidió ann, beidh plé ar na scéalta atá clúdaithe sna meáin Ghaeilge, chomh maith le mír siamsaíochta agus cultúir gach Aoine le Sinéad Ní Uallacháin.


Cormac ag a Cúig is a drive time current affairs and sports programme, presented by Cormac Ó hEadhra live from Dublin. The programme will focus on national and international news stories, and has a weekly radio column, business slots, an entertainment update with Sinéad Ní Uallacháin on Fridays, and regular panel discussions.

Cormac ag a Cúig

Scéalta móra nuachta, cúrsaí reatha agus spórt an lae.

Cormac ag a Cúig: Dé hAoine 13ú Meitheamh 2014.

Cormac ag a Cúig: Dé hAoine 13ú Meitheamh 2014.

Déantar plé faoi stát na Iaráice, faoi agóid thionsclaíoch Aer Lingus, agus faoi chonspóid Áras na Máthar agus Linbh ar chlár an lae inniu, é curtha i láthair ag Cormac Ó hEadhra.

Mícheál Ó Máirtín, ceannaire Fhianna Fáil.

Mícheál Ó Máirtín, ceannaire Fhianna Fáil.

Ag labhairt faoina dhíomá i leith fiosrúcháin na mbanc agus cinntí an rialtais.

Paddy Duffy.

Paddy Duffy.

Tugann Paddy Duffy léargas dúinn ar reibiliúnaithe Ioslamacha atá ag tarraingt aird an domhain orthu faoi láthair.

Eoin Corry.

Eoin Corry.

Tugann an t-eagarthóir ar Travel Extra eolas dúinn faoin agóid thionsclaíoch Aer Lingus agus na téarmaí is deireanaí eatarthu.

Victoria White.

Victoria White.

Ag labhairt faoin gcolún a scríobh sí ar ábhar na n-Áras Máthar agus Linbh.

Concubhar Ó Liatháin, Bainisteoir Margaíochta CeangalG

Mír faoi CeangalG, tionscnamh maoinithe ag an AE chun treisiú ar an gcomhobair idir aisíneachtaí i gceantair theorainn na hAlban agus Poblacht na hÉireann, rud a chuireann béim ar an nGaeilge agus ar Ghaidhlic na hAlban.

Eimear Ní Dhroighneáin.

Eimear Ní Dhroighneáin.

Dialann Shóisialta: 

Labhrann Eimear faoi shacair, faoi mhaidin ealaíne, faoi Taste of Dublin agus faoi Rásaí Curracha i mBaile Átha Cliath.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís