Cormac ag a Cúig

17.00 - 18:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

Cormac ag a Cúig Déardaoin 12 Meitheamh 2014

Éist anois

Cormac ag a Cúig

Scéalta móra nuachta, cúrsaí reatha agus spórt an lae.
Éist anois

Cormac ag a Cúig - Clár Iomlán

Cuireann Cormac Ó hEadhra an clár i láthair, agus pléitear fiosrúchán na mbancanna, muinín an phobail as polaiteoirí ag meath, agus 'Oíche na gCuimhní' i Scoil Lorcan.
Éist anois

Cathal Mac Coille

Labhrann Cathal faoi fhiosrúchán na mbancanna, feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus pobalbhreith a léiríonn go bhfuil neamhsuim ag an bpobal i gcúrsaí polaitiúla.
Éist anois

Fergus O'Dowd agus Pearse Doherthy

Pléann an tAire Stáit agus Urlabhraí Airgeadais Shinn Féin faoi seach an raic a mbaineann le fiosrúchán na mbancanna.
Éist anois

John Downing agus Eoin Ó Murchú

An bhfuil sé cinntithe nár tharla cúléisteacht i GSOC, agus an bhfuil meoin frith-Gharda á leanúint ag RTÉ mar a deirtear san Irish Independent?
Éist anois

Tuairisc: Eimear Ní Dhroighneáin

Tugann Scoil Lorcán i mBaile na Manach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath cuireadh d'iar-scoláirí filleadh i gcóir 'Oíche na gCuimhní' an Aoine bheag seo.
Éist anois

Scéalta ar an Idirlíon: Gráinne Ní Aodha

Tuairiscí ó Árais Máthar agus Linbh, Éire mar an tír is Ioslamaí agus veain uachtair reoite faoi chaibidil sa phíosa seo.

Clár chúrsaí reatha agus spóirt, á chur i láthair ag Cormac Ó hEadhra ó Bhaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúntaa bheidh faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Beidh míreanna rialta faoi chúrsaí gnó, beidh colún raidió ann, beidh plé ar na scéalta atá clúdaithe sna meáin Ghaeilge, chomh maith le mír siamsaíochta agus cultúir gach Aoine le Sinéad Ní Uallacháin.


Cormac ag a Cúig is a drive time current affairs and sports programme, presented by Cormac Ó hEadhra live from Dublin. The programme will focus on national and international news stories, and has a weekly radio column, business slots, an entertainment update with Sinéad Ní Uallacháin on Fridays, and regular panel discussions.

An Fhoireann / Programme Team:

Cormac Ó hEadhra - Láithreoir
Rugadh agus tógadh ar An gCeathrú Rua, i nGaeltacht Chonamara mé.  Tógadh go dá-theangach mé – Gaeilge agus Béarla.  Rinne mé staidéar ar Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus chuaigh mé ag obair ansin do Nuacht RTÉ mar láithreoir agus mar thuairisceoir.  Chlúdaigh mé réimse leathan scéalta ansin – polaitíocht, eacnamaíocht, sóisialta, cultúr, teanga agus eile – agus thug sé an-léargas dom ar cheird na teilifíse agus an raidió.

Cháiligh mé mar abhcóide i 2007 – bhí mé ag staidéar go páirt-aimseartha in Óstaí an Rí agus d’fhág mé Nuacht ar feadh bliana i 2006/07 le dhul i mbun staidéir bliana in Óstaí an Rí leis an gcáilíocht mar abhcóide a chur i gcrích.  Go gairid ina dhiaidh sin thosaigh mé ag obair le foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath.  Dúshlán faoi leith atá ann clár laethúil de chúrsaí reatha a láithriú ach tá sult le baint as agus tá foireann láidir liom (mar a fheiceann sibh thíos!).

Tá sealanna caite agam ag obair i bPáras (trí Fhraincís) le comhlacht foilsitheoireachta, mar léachtóir in Ollscoil Chathair Átha Cliath agus le comhlacht ilnáisiúnta infheistíochta.

Cúis áthais a bhí ann dúinn gur  bhain muid gradaim éagsúla amach le roinnt blianta in Éirinn agus thar lear  – ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais agus ag Féile na Meán Ceilteach.  Is breá liom an ceangal uathúil atá idir RTÉ RnaG agus na héisteoirí.

Fachtna Ó Drisceoil - Léiritheoir Sraithe
Táim tar éis oibriú ar go leor gigeanna spéisiúla idir pháirt-aimseartha agus lán-aimseartha, ina measc Raidió na Life, Nuacht TG4, An Irish Times, Foinse, Comhar, Léargas, Scannal, CSÍ, Garda Ar Lár, Today with Pat Kenny, Tonight with Vincent Browne, The Dave Fanning Show, Saturday View agus Drivetime. Tá leabhar scríofa agam, foilsithe ag Mercier,  'The Missing Postman - What really happened to Larry Griffin?' Rugadh agus tógadh le Gaeilge mé i nDún Laoghaire i gCo Átha Cliath agus táim thar a bheith bródúil as an oidhreacht a fuaireas ó mo thuismitheoirí, nárbh chainteoirí Gaeilge ó dhúchas iad. Tá ceangal agam le fada an lá le Cléire, oileán beag Gaeltachta in iarthar Chorcaí. Seo an chéad uair dom seal ceart a chaitheamh ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá sé mar aidhm agam le Cormac ag a 5 freastal ar an bpobal Gaelach náisiúnta agus idirnáisiúnta, gan béim a leagadh ar aon cheantar tíreolaíoch ar leith. Bí ag caint linn!

Cearbhall Ó Síocháin - Léiritheoir
D'oibrigh mé mar eagarthóir nuachtáin leis an DIT Examiner, mar thaighdeoir agus craoltóir le Raidió na Life agus mar fhiacail i meaisín an Stáit in Oifigí Thithe an Oireachtais. Tuigeadh dom gurbh fhearr liom seal a chaitheamh mar fhiacail i meaisín de chineál eile, seal, agus thapaigh mé an deis tréimhse a chaitheamh le rannóg na gclár teilifíse Gaeilge in RTÉ. Thaitin sé sin liom ar feadh tamaill nó gur tháinig ciall chugam agus d'fhill mé ar an mheán is ansa liom agus thosaigh ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Sinéad Ní Uallacháin - Tuairisceoir
Is as Corca Dhuibhne i gContae Chiarraí mé ó dhúchas. Táim ag cur fúm i mBaile Átha Cliath le tuairim is seacht mbliana, agus cúig bliana acusan caite ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Taitníonn drámaíocht go mór liom agus táim i mo bhall d'Aisteoirí Bulfin na príomhchathrach. Tá spéis agam i gcúrsaí ealaíon chomh maith. Is maith liom a bheith ag tarraingt agus ag péinteáil, nuair a bhíonn an t-am agam agus nuair nach mbíonn an leisce orm.

Cormac ag a Cúig

Clár is deireanaí

Súil Siar

Cormac ag a Cúig ar Twitter

Láithriú / Presenter: Cormac Ó hEadhra
Meitheal Lérithe / Production team: Fachtna Ó Drisceoil, Cearbhall Ó Síocháin

Sceideal Féach sceideal