Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

17.00 - 18:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

cormac5@rte.ie

Cormac ag a Cúig Dé hAoine 6 Meitheamh 2014

Clár cúrsaí reatha agus spóirt, á chur i láthair ag Cormac Ó hEadhra ó Bhaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bheidh faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Beidh míreanna rialta faoi chúrsaí gnó, beidh colún raidió ann, beidh plé ar na scéalta atá clúdaithe sna meáin Ghaeilge, chomh maith le mír siamsaíochta agus cultúir gach Aoine le Sinéad Ní Uallacháin.


Cormac ag a Cúig is a drive time current affairs and sports programme, presented by Cormac Ó hEadhra live from Dublin. The programme will focus on national and international news stories, and has a weekly radio column, business slots, an entertainment update with Sinéad Ní Uallacháin on Fridays, and regular panel discussions.

Cormac ag a Cúig

Scéalta móra nuachta, cúrsaí reatha agus spórt an lae.

Cormac ag a Cúig - Clár Iomlán

Ar an eagrán seo den chlár pléitear scannal na Máthar agus Linbh i dTuaim, plé faoi chinniúnt Pháirtí an Lucht Oibre, agus ar imeachtaí éagsúla sa Dialann Shóisialta. É ar fad curtha i láthair ag Cormac Ó hEadhra.

Seán Byrne

Insíonn Seán Byrne linn faoin Stádas A atá bronnta ar Éire ag áisíneacht creidmheasa, agus an tábhacht a mbaineann leis an stádas seo.

An Dochtúir Caitríona Clear agus Cian Molloy

Déantar plé faoi na sonraí is déanaí a mbaineann le Scannal Áras Máthar agus Linbh i dTuaim.

Gráinne Ní Aodha

Tuairisc ó Ghael-Choláiste Chill Dara faoi conas a d'éirigh le daltaí sa scrúdú Tíreolaíochta agus faoin spairn a bhí ag an meánscoil áirithe seo chun maoiniú a fháil ón Roinn Oideachais.

Donncha Ó hÉallaithe, Alan Titley agus Seán Ó hArgáin

Labhrann Cormac leis an mbeirt cholúnaithe faoin ábhar scríofa acu i dtaobh na cinniúna ag Páirtí an Lucht Oibre, agus leis an iar-chomhairleoir ag an Lucht Oibre, Ó hArgáin, faoina chuid tuairimíochta féin.

Fachtna Ó Drisceoil

Tugann Fachtna an nuacht faoin margadh a ndearna Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath inniu, a chinntíonn go mbeidh ról an Ard-Mhéara ag iarrthóir Sinn Féin i rith comóraidh 100 bliain 1916.

Eimear Ní Dhroighneáin

Labhrann Eimear linn faoi chiorcal comhrá timpeall na tíre, campaí samhraidh agus aip nua, mar chuid de Dhialann Shóisialta na seachtaine seo.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís