Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

17.00 - 18:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

cormac5@rte.ie

Cormac ag a Cúig Dé Céadaoin 23 Aibreán 2014

Clár cúrsaí reatha agus spóirt, á chur i láthair ag Cormac Ó hEadhra ó Bhaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bheidh faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Beidh míreanna rialta faoi chúrsaí gnó, beidh colún raidió ann, beidh plé ar na scéalta atá clúdaithe sna meáin Ghaeilge, chomh maith le mír siamsaíochta agus cultúir gach Aoine le Sinéad Ní Uallacháin.


Cormac ag a Cúig is a drive time current affairs and sports programme, presented by Cormac Ó hEadhra live from Dublin. The programme will focus on national and international news stories, and has a weekly radio column, business slots, an entertainment update with Sinéad Ní Uallacháin on Fridays, and regular panel discussions.

Cormac ag a Cúig

Scéalta móra nuachta, cúrsaí reatha agus spórt an lae.

Comrac ag a Cúig Céadaoin 23ú Aibreán

Comrac ag a Cúig Céadaoin 23ú Aibreán

Agallamh le hAire Stáit na Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaíoch, Polaitíocht an lae, Bille athrú aeráide foilsithe, Foras na Gaeilge i leith litríocht na Gaeilge, Mír na Meán agus Spórt.

Agallamh le hAire Stáit na Gaeltachta

Agallamh le Donnchadh Mac Fhionnlaíoch, Aire Stáit na Gaeltachta; na ciorraithe, cúrsaí fostaíochta agus an cheist maidir leis na hachmhainní atá ar fáil.

Polaitíocht an lae

Cúrsaí Polaitiúla an lae le Cathal Mac Coille maidir leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha, Ruairí Quinn sa Bhearna Baoil agus iar-bhaill an IRA i gcoinne Gerry Adams agus Martin McGuinness.

Bille Athrú Aeráide foilsithe

Foilsíodh bille athrú aeráide chun líon an charbóin a scaoileadh a laghdú. An scéal is déanaí ag an saineolaí ar chúsaí fuinnimh Aodhán Mac Pháidín.

Foras na Gailge agus litríocht na Gaeilge

Bainister nua ag litríocht.com, Tomás ÓhAodha, buartha faoi litríocht na Gaeilge agus cur chuige Fhoras na Gaeilge maidir leis an litríocht.

Mír na Meán

Mír na Meán le Norita Ní Chartúir; colún spéisiúil, meas ar an nGaeilge, igaeilge agus cúsaí rothaíochta do charthanacht.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís