Cormac ag a Cúig

17.00 - 18:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

Cormac ag a Cúig Déardaoin 17 Aibreán 2014

Éist anois

Cormac ag a Cúig

Scéalta móra nuachta, cúrsaí reatha agus spórt an lae.

Clár chúrsaí reatha agus spóirt, á chur i láthair ag Cormac Ó hEadhra ó Bhaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúntaa bheidh faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Beidh míreanna rialta faoi chúrsaí gnó, beidh colún raidió ann, beidh plé ar na scéalta atá clúdaithe sna meáin Ghaeilge, chomh maith le mír siamsaíochta agus cultúir gach Aoine le Sinéad Ní Uallacháin.


Cormac ag a Cúig is a drive time current affairs and sports programme, presented by Cormac Ó hEadhra live from Dublin. The programme will focus on national and international news stories, and has a weekly radio column, business slots, an entertainment update with Sinéad Ní Uallacháin on Fridays, and regular panel discussions.

An Fhoireann / Programme Team:

Cormac Ó hEadhra - Láithreoir
Is as an Cheathrú Rua do Chormac Ó hEadhra, duine de ghlún óg láithreoirí Raidió na Gaeltachta. Rinne sé staidéar ar Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus chuaigh sé ag obair ansin do Nuacht RTÉ mar láithreoir agus mar thuairisceoir. Cháiligh sé mar abhcóide i 2007 agus go gairid ina dhiaidh thosaigh sé ag obair le foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath. Deir sé gur pribhléid dó é a bheith ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus go mbaineann sé sásamh as na dúshláin a bhaineann le clár laethúil beo a chraoladh.

Fachtna Ó Drisceoil - Léiritheoir Sraithe
Táim tar éis oibriú ar go leor gigeanna spéisiúla idir pháirt-aimseartha agus lán-aimseartha, ina measc Raidió na Life, Nuacht TG4, An Irish Times, Foinse, Comhar, Léargas, Scannal, CSÍ, Garda Ar Lár, Today with Pat Kenny, Tonight with Vincent Browne, The Dave Fanning Show, Saturday View agus Drivetime. Anuraidh d'fhoilsigh Mercier mo leabhar 'The Missing Postman - What really happened to Larry Griffin?' Rugadh agus tógadh le Gaeilge mé i nDún Laoghaire i gCo Átha Cliath agus táim thar a bheith bródúil as an oidhreacht a fuaireas ó mo thuismitheoirí, nárbh chainteoirí Gaeilge ó dhúchas iad. Tá ceangal agam le fada an lá le Cléire, oileán beag Gaeltachta in iarthar Chorcaí. Seo an chéad uair dom seal ceart a chaitheamh ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá sé mar aidhm agam le Cormac ag a 5 freastal ar an bpobal Gaelach náisiúnta agus idirnáisiúnta, gan béim a leagadh ar aon cheantar tíreolaíoch ar leith. Bí ag caint linn!

Cearbhall Ó Síocháin - Léiritheoir
D'oibrigh mé mar eagarthóir nuachtáin leis an DIT Examiner, mar thaighdeoir agus craoltóir le Raidió na Life agus mar fhiacail i meaisín an Stáit in Oifigí Thithe an Oireachtais. Tuigeadh dom gurbh fhearr liom seal a chaitheamh mar fhiacail i meaisín de chineál eile, seal, agus thapaigh mé an deis tréimhse a chaitheamh le rannóg na gclár teilifíse Gaeilge in RTÉ. Thaitin sé sin liom ar feadh tamaill nó gur tháinig ciall chugam agus d'fhill mé ar an mheán is ansa liom agus thosaigh ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Sinéad Ní Uallacháin - Tuairisceoir
Is as Corca Dhuibhne i gContae Chiarraí mé ó dhúchas. Táim ag cur fúm i mBaile Átha Cliath le tuairim is seacht mbliana, agus cúig bliana acusan caite ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Taitníonn drámaíocht go mór liom agus táim i mo bhall d'Aisteoirí Bulfin na príomhchathrach. Tá spéis agam i gcúrsaí ealaíon chomh maith. Is maith liom a bheith ag tarraingt agus ag péinteáil, nuair a bhíonn an t-am agam agus nuair nach mbíonn an leisce orm.

Cormac ag a Cúig

Clár is deireanaí

Cormac ag a Cúig ar Twitter

Láithriú / Presenter: Cormac Ó hEadhra
Meitheal Lérithe / Production team: Fachtna Ó Drisceoil, Cearbhall Ó Síocháin

Sceideal Féach sceideal