Cormac ag a Cúig

17.00 - 18:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

Cormac ag a Cúig Déardaoin 3 Aibreán 2014

Éist anois

Cormac ag a Cúig

Scéalta móra nuachta, cúrsaí reatha agus spórt an lae.
Éist anois

Cormac ag a Cúig Déardaoin 3ú Aibreán

Clár an lae inniu ag Joe MacRaoghallaigh. Téipeanna na nGardaí, PAC Rehab, Árachas Sláinte Uilíoch, Na Toghcháin Áitiúla, Na scéalta is mó ar-líne agus spórt.
Éist anois

Cúrsaí Polaitíochta

Cúrsaí Polaitiúla ag Déaglán de Bréadún. Téipeanna na nGardaí agus Cás Bailey. PAC agus rehab. Polasaithe Árachas Sláinte Uilíoch agus an díospóireacht maidir leis seo.
Éist anois

Na Toghcháin Áitiúla

Plé faoin athchóiriú ar Rialtas áitiúil agus faoi chúrsaí fostaíochta. Tá Séighin Ó Ceallaigh ó Shinn Féin i Luimneach, Yvonne Ní Mhurchú ó Fhine Gael i Lonfort, Naoise Ó Cearúil ó Fhianna Fáil i gCill Dara agus Fergus Carpenter ó Phairtí an Lucht Oibre i gCill Dara linn chun labhairt ar na pointí seo.
Éist anois

Táillí Fánaíochta

Vóta i bParlaimint na hEorpa le cosc a chur ar tháillí fánaíochta laistigh san AE. CLG agus SKY. Deireadh a chur leis na táillí seo? Na scéalta seo ag Seán Kelly.
Éist anois

Scéalta is mó ar shuíomhanna nuachta ar-líne

Na scéalta is mó ar shuíomhanna nuachta Éireannacha ar-líne ag Edel Ní Cnáimhsí. Scéalta maidir le Comhairle Contae Sligigh, Toradh na méanscoileanna, Deireadh a chur le haois a chur ar an am chun éirí as an rannóg poiblí, Drugaí a chruthú sa bhaile srl.

Clár chúrsaí reatha agus spóirt, á chur i láthair ag Cormac Ó hEadhra ó Bhaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúntaa bheidh faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Beidh míreanna rialta faoi chúrsaí gnó, beidh colún raidió ann, beidh plé ar na scéalta atá clúdaithe sna meáin Ghaeilge, chomh maith le mír siamsaíochta agus cultúir gach Aoine le Sinéad Ní Uallacháin.


Cormac ag a Cúig is a drive time current affairs and sports programme, presented by Cormac Ó hEadhra live from Dublin. The programme will focus on national and international news stories, and has a weekly radio column, business slots, an entertainment update with Sinéad Ní Uallacháin on Fridays, and regular panel discussions.

An Fhoireann / Programme Team:

Cormac Ó hEadhra - Láithreoir
Rugadh agus tógadh ar An gCeathrú Rua, i nGaeltacht Chonamara mé.  Tógadh go dá-theangach mé – Gaeilge agus Béarla.  Rinne mé staidéar ar Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus chuaigh mé ag obair ansin do Nuacht RTÉ mar láithreoir agus mar thuairisceoir.  Chlúdaigh mé réimse leathan scéalta ansin – polaitíocht, eacnamaíocht, sóisialta, cultúr, teanga agus eile – agus thug sé an-léargas dom ar cheird na teilifíse agus an raidió.

Cháiligh mé mar abhcóide i 2007 – bhí mé ag staidéar go páirt-aimseartha in Óstaí an Rí agus d’fhág mé Nuacht ar feadh bliana i 2006/07 le dhul i mbun staidéir bliana in Óstaí an Rí leis an gcáilíocht mar abhcóide a chur i gcrích.  Go gairid ina dhiaidh sin thosaigh mé ag obair le foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath.  Dúshlán faoi leith atá ann clár laethúil de chúrsaí reatha a láithriú ach tá sult le baint as agus tá foireann láidir liom (mar a fheiceann sibh thíos!).

Tá sealanna caite agam ag obair i bPáras (trí Fhraincís) le comhlacht foilsitheoireachta, mar léachtóir in Ollscoil Chathair Átha Cliath agus le comhlacht ilnáisiúnta infheistíochta.

Cúis áthais a bhí ann dúinn gur  bhain muid gradaim éagsúla amach le roinnt blianta in Éirinn agus thar lear  – ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais agus ag Féile na Meán Ceilteach.  Is breá liom an ceangal uathúil atá idir RTÉ RnaG agus na héisteoirí.

Fachtna Ó Drisceoil - Léiritheoir Sraithe
Táim tar éis oibriú ar go leor gigeanna spéisiúla idir pháirt-aimseartha agus lán-aimseartha, ina measc Raidió na Life, Nuacht TG4, An Irish Times, Foinse, Comhar, Léargas, Scannal, CSÍ, Garda Ar Lár, Today with Pat Kenny, Tonight with Vincent Browne, The Dave Fanning Show, Saturday View agus Drivetime. Tá leabhar scríofa agam, foilsithe ag Mercier,  'The Missing Postman - What really happened to Larry Griffin?' Rugadh agus tógadh le Gaeilge mé i nDún Laoghaire i gCo Átha Cliath agus táim thar a bheith bródúil as an oidhreacht a fuaireas ó mo thuismitheoirí, nárbh chainteoirí Gaeilge ó dhúchas iad. Tá ceangal agam le fada an lá le Cléire, oileán beag Gaeltachta in iarthar Chorcaí. Seo an chéad uair dom seal ceart a chaitheamh ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá sé mar aidhm agam le Cormac ag a 5 freastal ar an bpobal Gaelach náisiúnta agus idirnáisiúnta, gan béim a leagadh ar aon cheantar tíreolaíoch ar leith. Bí ag caint linn!

Cearbhall Ó Síocháin - Léiritheoir
D'oibrigh mé mar eagarthóir nuachtáin leis an DIT Examiner, mar thaighdeoir agus craoltóir le Raidió na Life agus mar fhiacail i meaisín an Stáit in Oifigí Thithe an Oireachtais. Tuigeadh dom gurbh fhearr liom seal a chaitheamh mar fhiacail i meaisín de chineál eile, seal, agus thapaigh mé an deis tréimhse a chaitheamh le rannóg na gclár teilifíse Gaeilge in RTÉ. Thaitin sé sin liom ar feadh tamaill nó gur tháinig ciall chugam agus d'fhill mé ar an mheán is ansa liom agus thosaigh ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Sinéad Ní Uallacháin - Tuairisceoir
Is as Corca Dhuibhne i gContae Chiarraí mé ó dhúchas. Táim ag cur fúm i mBaile Átha Cliath le tuairim is seacht mbliana, agus cúig bliana acusan caite ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Taitníonn drámaíocht go mór liom agus táim i mo bhall d'Aisteoirí Bulfin na príomhchathrach. Tá spéis agam i gcúrsaí ealaíon chomh maith. Is maith liom a bheith ag tarraingt agus ag péinteáil, nuair a bhíonn an t-am agam agus nuair nach mbíonn an leisce orm.

Cormac ag a Cúig

Clár is deireanaí

Cormac ag a Cúig ar Twitter

Láithriú / Presenter: Cormac Ó hEadhra
Meitheal Lérithe / Production team: Fachtna Ó Drisceoil, Cearbhall Ó Síocháin

Sceideal Féach sceideal