Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

17.00 - 18:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

cormac5@rte.ie

Cormac ag a Cúig Dé Céadaoin 2 Aibreán 2014

Clár cúrsaí reatha agus spóirt, á chur i láthair ag Cormac Ó hEadhra ó Bhaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bheidh faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Beidh míreanna rialta faoi chúrsaí gnó, beidh colún raidió ann, beidh plé ar na scéalta atá clúdaithe sna meáin Ghaeilge, chomh maith le mír siamsaíochta agus cultúir gach Aoine le Sinéad Ní Uallacháin.


Cormac ag a Cúig is a drive time current affairs and sports programme, presented by Cormac Ó hEadhra live from Dublin. The programme will focus on national and international news stories, and has a weekly radio column, business slots, an entertainment update with Sinéad Ní Uallacháin on Fridays, and regular panel discussions.

Cormac ag a Cúig

Scéalta móra nuachta, cúrsaí reatha agus spórt an lae.

Cormac ag a Cúig Ceadaoin 2ú Aibreán

Cormac ag a Cúig Ceadaoin 2ú Aibreán

Scéalta polaitiúla an lae, Stráitéis Fiche Bliain na Gaeilge agus an chéad chruinniú den Choiste Chomhairleach faoi, Colún na Seachtaine, Conradh CLG agus Sky, Mír na meán agus spórt.

Scéalta Polaitiúla an lae

Scéal Alan Shatter agus na Gardaí agus na forbairtí is déanaí maidir leis seo, Éirí as Angela Kerins, Fógraíonn an Rialtas plean d'árachas sláinte uilíoch; scéalta le Cathal Mac Coille.

Straitéis Fiche Bliain na Gaeilge

Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn ag labhairt faoin gcéad chruinniú a bhí ag an gCoiste Comhairleach maidir le Straitéis Fiche Bliain na Gaeilge.

Colún na Seachtaine

Is ag spregadh chun gníomh atá Tomás Ó hAodha i gcolún na seachtaine seo. Ia dóigh le Tomás, 'nach briathra a dhearbhaíos ach gníomh' agus is fúinn féin atá ár gcearta teanga maidir leis an nGaeilge agus an Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Conradh CLG agus Sky

Conradh Chumann Luthchleas Gael agus an Comhlacht Sky. Don chéad uair riamh i stair na craoltóireachta agus na blianta romhainn, ní bheidh an méid sin cluichí Gaelacha le feiceáil ar an teilifís mura bhfuil síntiús acu le Sky.

Mír na Meán

Mí na Meán an lae inniu le hÓdí Ní Chéilleachair. Meon eile maidir le cuid léitheoireachta a thaitníonn le daoine, féinphic gan smidiú chun airgead a bhailiú d'ailse, Fúm agus Fís le Conchubhar Ó Liatháin agus a ghradaim, contaicí maidir le 'Beo.ie', alt faoi fhoghlaim na Gaeilge ag Dermot Nally.

Cormac ag a Cúig ar Twitter

Sonraí teagmhála

cormac5@rte.ie

+35312082021

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís