Cormac ag a Cúig

17.00 - 18:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

Cormac ag a Cúig Dé Céadaoin 19 Márta 2014

Éist anois

Cormac ag a Cúig

Scéalta móra nuachta, cúrsaí reatha agus spórt an lae.
Éist anois

Cormac ag a Cúig Céadaoin 19ú Márta

Na Póilíní sa Tuaisceart agus an scéal faoin bhfíseán ar an idirlíon, Méanscoil Feirste agus an t-airgead a bronnadh orthu, Morgáistí agus na Bainc, Arm na Rúise, scéalta polaitiúla an lae, Píosaí as Gaeilge atá sna Meáin, Colún na Seachtaine seo agus Spórt.
Éist anois

Póilíní ón Tuaisceart

Scéal maidir leis an mbean sa Tuaisceart a caitheadh go dona léi agus tá an físeán le feiceáil ar shuíomhanna éagsúla.
Éist anois

Méanscoil Feirste agus an t-airgead

Bronnadh airgead ar an scoil, ó Mheiriceá agus bhí lá mór ar siúl chun an ócáid a chéiliúadh do na Meiricéanaigh a tháínig go hÉirinn don ócáid seo sa scoil agus ag na daltaí srl.
Éist anois

Morgáistí agus na Bainc

Scéal is déanaí maidir le morgáistí agus na Bainc agus líon na ndaoine atá bainteach leis na morgáistí seo agus iad gafa sa droch-scéal.
Éist anois

Arm na Rúise

Arm na Rúise inniu san Ucráin agus an t-Aontas Eorpach.
Éist anois

Scéalta Polaitiúla na Tíre

Scéalta Polaitiúla na tíre seo agus scéalta na Rúise ag Eoin Ó Murchú.
Éist anois

Píosaí scríofa i nGaeilge maidir leis na Meáin

Anailís ar phíosaí scríofa i nGaeilge na seachtaine seo atá sna meáin.
Éist anois

Colún Raidió na Seachtaine seo

Colún Raidió na Seachtaine seo maidir le tréimhse a chaith dream i Meiriceá.

Clár chúrsaí reatha agus spóirt, á chur i láthair ag Cormac Ó hEadhra ó Bhaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúntaa bheidh faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Beidh míreanna rialta faoi chúrsaí gnó, beidh colún raidió ann, beidh plé ar na scéalta atá clúdaithe sna meáin Ghaeilge, chomh maith le mír siamsaíochta agus cultúir gach Aoine le Sinéad Ní Uallacháin.


Cormac ag a Cúig is a drive time current affairs and sports programme, presented by Cormac Ó hEadhra live from Dublin. The programme will focus on national and international news stories, and has a weekly radio column, business slots, an entertainment update with Sinéad Ní Uallacháin on Fridays, and regular panel discussions.

An Fhoireann / Programme Team:

Cormac Ó hEadhra - Láithreoir
Rugadh agus tógadh ar An gCeathrú Rua, i nGaeltacht Chonamara mé.  Tógadh go dá-theangach mé – Gaeilge agus Béarla.  Rinne mé staidéar ar Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus chuaigh mé ag obair ansin do Nuacht RTÉ mar láithreoir agus mar thuairisceoir.  Chlúdaigh mé réimse leathan scéalta ansin – polaitíocht, eacnamaíocht, sóisialta, cultúr, teanga agus eile – agus thug sé an-léargas dom ar cheird na teilifíse agus an raidió.

Cháiligh mé mar abhcóide i 2007 – bhí mé ag staidéar go páirt-aimseartha in Óstaí an Rí agus d’fhág mé Nuacht ar feadh bliana i 2006/07 le dhul i mbun staidéir bliana in Óstaí an Rí leis an gcáilíocht mar abhcóide a chur i gcrích.  Go gairid ina dhiaidh sin thosaigh mé ag obair le foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath.  Dúshlán faoi leith atá ann clár laethúil de chúrsaí reatha a láithriú ach tá sult le baint as agus tá foireann láidir liom (mar a fheiceann sibh thíos!).

Tá sealanna caite agam ag obair i bPáras (trí Fhraincís) le comhlacht foilsitheoireachta, mar léachtóir in Ollscoil Chathair Átha Cliath agus le comhlacht ilnáisiúnta infheistíochta.

Cúis áthais a bhí ann dúinn gur  bhain muid gradaim éagsúla amach le roinnt blianta in Éirinn agus thar lear  – ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais agus ag Féile na Meán Ceilteach.  Is breá liom an ceangal uathúil atá idir RTÉ RnaG agus na héisteoirí.

Fachtna Ó Drisceoil - Léiritheoir Sraithe
Táim tar éis oibriú ar go leor gigeanna spéisiúla idir pháirt-aimseartha agus lán-aimseartha, ina measc Raidió na Life, Nuacht TG4, An Irish Times, Foinse, Comhar, Léargas, Scannal, CSÍ, Garda Ar Lár, Today with Pat Kenny, Tonight with Vincent Browne, The Dave Fanning Show, Saturday View agus Drivetime. Tá leabhar scríofa agam, foilsithe ag Mercier,  'The Missing Postman - What really happened to Larry Griffin?' Rugadh agus tógadh le Gaeilge mé i nDún Laoghaire i gCo Átha Cliath agus táim thar a bheith bródúil as an oidhreacht a fuaireas ó mo thuismitheoirí, nárbh chainteoirí Gaeilge ó dhúchas iad. Tá ceangal agam le fada an lá le Cléire, oileán beag Gaeltachta in iarthar Chorcaí. Seo an chéad uair dom seal ceart a chaitheamh ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá sé mar aidhm agam le Cormac ag a 5 freastal ar an bpobal Gaelach náisiúnta agus idirnáisiúnta, gan béim a leagadh ar aon cheantar tíreolaíoch ar leith. Bí ag caint linn!

Cearbhall Ó Síocháin - Léiritheoir
D'oibrigh mé mar eagarthóir nuachtáin leis an DIT Examiner, mar thaighdeoir agus craoltóir le Raidió na Life agus mar fhiacail i meaisín an Stáit in Oifigí Thithe an Oireachtais. Tuigeadh dom gurbh fhearr liom seal a chaitheamh mar fhiacail i meaisín de chineál eile, seal, agus thapaigh mé an deis tréimhse a chaitheamh le rannóg na gclár teilifíse Gaeilge in RTÉ. Thaitin sé sin liom ar feadh tamaill nó gur tháinig ciall chugam agus d'fhill mé ar an mheán is ansa liom agus thosaigh ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Sinéad Ní Uallacháin - Tuairisceoir
Is as Corca Dhuibhne i gContae Chiarraí mé ó dhúchas. Táim ag cur fúm i mBaile Átha Cliath le tuairim is seacht mbliana, agus cúig bliana acusan caite ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Taitníonn drámaíocht go mór liom agus táim i mo bhall d'Aisteoirí Bulfin na príomhchathrach. Tá spéis agam i gcúrsaí ealaíon chomh maith. Is maith liom a bheith ag tarraingt agus ag péinteáil, nuair a bhíonn an t-am agam agus nuair nach mbíonn an leisce orm.

Cormac ag a Cúig

Clár is deireanaí

Súil Siar

Cormac ag a Cúig ar Twitter

Láithriú / Presenter: Cormac Ó hEadhra
Meitheal Lérithe / Production team: Fachtna Ó Drisceoil, Cearbhall Ó Síocháin

Sceideal Féach sceideal