RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Comórtas Peile na Gaeltachta 2011

ÉIST BEO: SRUTH FUAIME BEO RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA

Is ar an Fhál Carrach, i bParóiste Chloich Cheannfhaola in Iarthuaisceart Dhún na nGall a bheidh Comórtas Peile na Gaeltachta 2011 ar siúl.

Beidh 18 foireann ag cur chun páirce i gcomórtas na bliana seo agus ina gcuideachta beidh lucht leanúna ó gach Gaeltacht sa tír, le cois foirne as Londain, Laochra Loch Laoi ó Bhéal Feirste agus don chéad uair beidh na Gaeil Óga as Baile Átha Cliath ag glacadh páirt sa chomórtas.

Beidh spórt agus spraoi, caint agus ceol san ollphubal ón Aoine go dtí an Luan. Beidh na cailiní Gaelacha ann, agus beidh deiseanna ag na cuairteoirí ar fad aithne bheag a fháil ar phobal, ar áilleacht agus ar stair ársa Chloich Cheannfhaola. bigí ann!

Comórtas Peile na Gaeltachta, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Dé Sathairn / Sat @ 11.02am, 1.30pm, 6.15pm;
Dé Domhnaigh / @ 1.30pm, 6.00pm;
Dé Luain / Mon @ 1.30pm.

LISTEN LIVE: CLICK HERE FOR RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA LIVE STREAM

Comórtas Peile na Gaeltachta takes place in Falcarragh, Co. Donegal this weekend.

Eighteen teams will compete over the long weekend. Participating in the football competition are: Gaeltacht teams, teams from London, 'Laochra Loch Laoi' from Belfast and for the first time ever, a team from Dublin, 'Na Gaeil Óga'.

There will be plenty of music, chat and excitement in the festival marquee from Friday to Monday. This weekend gives visitors the opportunity to get to know the Cloghaneely community, to see the area's beauty and to learn more about its interesting history.

Comórtas Peile na Gaeltachta, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Dé Sathairn / Sat @ 11.02am, 1.30pm, 6.15pm;
Dé Domhnaigh / @ 1.30pm, 6.00pm;
Dé Luain / Mon @ 1.30pm.