RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Comórtas Peile na Gaeltachta 2009
Is i Ros Muc a chaithfidh meitheal spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta deireadh seachtaine na Cincíse, ag craobhscaoileadh imeachtaí Chomórtais Peile na Gaeltachta chucu siúd ar suim leo iad ar fud na tíre agus ar fud na cruinne.
Idir comórtas na mban agus na bhfear, imreofar os cionn scór cluiche ó thráthnóna Dé hAoine go ham tae Dé Luain. Seo an chéad uair ag na Piarsaigh deis a fháil eagrú a dhéanamh ar na babhtaí náisiúnta, an chéad deis freisin ag cuid de na cuairteoirí a thiocfaidh as na contaethe Gaeltachta ar fad, as Londain agus as Béal Feirste, cuairt a thabhairt ar an gceantar a raibh an Piarsach fhéin chomh ceanúil sin air gur cheannaigh sé áit tigh ann. Ba sa teachín ceann tuí sin, a thóg Máirtín agus Tom Labhráis Nee agus Bartley Mhainnín, a scríobh an Piarsach an óráid a thug sé os cionn uaigh Uí Dhonnabháin Rosa agus cuid mhaith dá chuid scéalta.
Dá mbeadh Sean Mhaitias fós ag suí le hais a dhorais an deireadh seachtaine seo, tá mé cinnte nach i bhfad a d'fhanfadh sé ciúin, socair, ach go dtabharfadh sé aghaidh ar láthair na himeartha go bhfeicfeadh sé na gaiscigh i mbun comhraice. Dá gclisfeadh sin air, thabharfadh sé cluas do RTÉ Raidió na Gaeltachta!
Comórtas Peile na Gaeltachta 2009 takes place in Ros Muc, Co. Galway on Whit weekend and RTÉ Raidió na Gaeltachta will be bringing listeners the action from Cumann na bPiarsach Headquarters in Gort Mór all weekend.
(scríofa ag Mártan Ó Ciardha)
RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Sathairn 30 Bealtaine - Dé Luain 1 Meitheamh.
Dé Sathairn
11.02 r.n. Comórtas Peile na Gaeltachta
Faisnéis, tuairiscí, torthaí agus anailís ó Chomórtas Peile na Gaeltachta, atá ar siúl i Ros Muc, Co. na Gaillimhe:
11.00 Corcaigh V Lios Póil (Sóisir)
11.00 Na Dúnaibh V Móindearg (Sóisir)
11.00 Baile an Chaisil V Seanaphobal (Sóisir)
12.30 Ard a Rátha V Rinn Ua gCuanach (Sinsir)
Láithriú: Seán Bán Breathnach
1.20 i.n. Comórtas Peile na Gaeltachta
Faisnéis, tuairiscí, torthaí agus anailís ó Chomórtas Peile na Gaeltachta, atá ar siúl i Ros Muc, Co. na Gaillimhe:
2.00 Ciarraí V Cill Chartha (Sinsir)
3.30 Naomh Anna V Tuar Mhic Eadaigh (Sinsir)
Láithriú: Seán Bán Breathnach
6.20 i.n. Comórtas Peile na Gaeltachta
Faisnéis, tuairiscí, torthaí agus anailís ó Chomórtas Peile na Gaeltachta, atá ar siúl i Ros Muc, Co. na Gaillimhe:
6.00 Baile an Chaisil/Seanaphobal V Oileáin Árainn (Sóisir)
6.00 Corcaigh/Lios Póil V Clann na nGael (Sóisir)
6.00 Na Dúnaibh/Móindearg V Laochra Loch Rí (Sóisir)
7.30 Carna/An Caiseal V Corcaigh (Sinsir)
Láithriú: Seán Bán Breathnach
Dé Domhnaigh
2.00 i.n. Comórtas Peile na Gaeltachta
Na cluichí leathcheannais sa chomórtas a imreofar inniu i Ros Muc, Co. na Gaillimhe:
2.00 Baile an Chaisil/Seanaphobal/Oileán Árann V Corcaigh/Lios Póil/Clann na nGael (Sóisir)
3.30 Ard a Rátha/Rinn Ua gCuanach V Naomh Anna/Tuar Mhic Eadaigh (Sinsir)
Láithriú: Mícheál Mac Donnchadha
6.20 i.n. Comórtas Peile na Gaeltachta
Na cluichí leathcheannais sa chomórtas a imreofar inniu i Ros Muc, Co. na Gaillimhe:
6.00 Na Piarsaigh V Na Dúnaibh/Móindearg/Laochra Loch Laoi (Sóisir)
7.30 Ciarraí/Cill Chartha V Carna/An Caiseal/Corcaigh (Sinsir)
Láithriú: Mícheál Mac Donnchadha
Dé Luain
11.45 r.n. Comórtas Peile na Gaeltachta
Na cluichí ceannais sa chomórtas a imreofar inniu i Ros Muc, Co. na Gaillimhe.
Láithriú: Seán Bán Breathnach
1.20 i.n. Comórtas Peile na Gaeltachta
Na cluichí ceannais sa chomórtas a imreofar inniu i Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Láithriú: Seán Bán Breathnach
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






