RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Comórtas Fidle ar Cuireadh chun Ceoil

Tá tús curtha ag Peadar Ó Riada le comórtas fidle ar a chlár Cuireadh chun Ceoil agus bronnfar Bonn Óir Sheáin Uí Riada ar an mbuaiteoir ag ceolchoirm mhór in Óstán an Rochestown Park i gCorcaigh i mí na Nollag.

Le cur isteach ar an gcomórtas, is gá do hiarrthóirí 5 phíosa ceoil a chur isteach agus is féidir é sin a dhéanamh ar CD, nó tríd an suíomh idirlín www.peadaroriada.ie. Beidh an pobal in ann éisteacht leis na hiarrachtaí atá istigh ar an gcomórtas trí chlárú ar an suíomh agus beidh deis acu aon tuairimí ina leith a roinnt le baill eile ansin.

Beidh béim faoi leith ar cheolmhaireacht sa chomórtas, agus is iad na ceoltóirí iomráiteacha Martin Hayes, Sean Keane agus Liam O'Connor a bheidh i mbun moltóireachta.

Is í 2010 an chéad bhliain den chomórtas, agus beidh babhtáil i gceist ó thaobh na huirlisí i gceist. I mbliana, is í an fhidil an uirlis, an bhliain seo chugainn is iad an fheadóg mhór agus an fheadóg stáin a bheidh i gceist, bosca ceoil agus consairtín an bhliain dár gcionn agus ansin cláirseach agus píobaí sa cheathrú bliain, sula dtosaítear an athuair le fidil faoi cheann cúig bliana.

Tabharfar cuireadh don 15 iomaitheoir is fearr sa chomórtas seinm ag ceolchoirm mhór in Óstán an Rochestown Park i gCorcaigh i mí na Nollag agus is ansin a dhéanfaidh na moltóirí a gcinneadh maidir leis an mbuaiteoir.

Féach Cuireadh chun Ceoil anseo

RTÉ Raidió na Gaeltachta presenter Peadar Ó Riada has initiated a competition on his radio programme Cuireadh chun Ceoil to find the best fiddler in the world. The winner will receive a gold medal, Bonn Óir Sheáin Uí Riada, named in honour of Peadar's father Seán Ó Riada, and will be announced at a gala concert in the Rochestown Park Hotel in Cork in December.

Musicians must submit 5 pieces of music, and can do so via the website www.peadaroriada.ie.

Technical proficiency is not enough to win this competition, however, and entrants must also demonstrate creativity and musicality in their playing. Entrants will be judged by renowned musicians Martin Hayes, Sean Keane and Liam O'Connor.

2010 will be the first year in a four year cycle, with the competition this year focusing on the fiddle, next year it will be open to flute players, to box and concertina players the following year, and finishing with harp and pipes before recommencing again with fiddle in 5 years time.

The best 15 entrants will be invited to take part in a competition in the Rochestown Park Hotel in Cork in December, and judges will make their decision on that night as to the winner.

See Cuireadh chun Ceoil webpage here