RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Comhairle Nua fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tá Comhairle nua fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta. Naonúr uilig atá ar an gComhairle nua faoi chathaoirleacht Anna Ní Ghallchóir. Is as Oileán Árainn Mhóir i dTír Chonaill d'Anna ó dhúchas agus tá sí ina stiúrthóir ar Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann Má Nuad.
Feidhmeoidh Comhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta ar feadh téarma 3 bliana, agus í ag cur comhairle ar Bhord RTÉ maidir le polasaí craoltóireachta RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Is iad seo a leannas na baill:
Lorcán Ó Cinnéide
CEO Táirgeoirí Éisc na hÉireann, Co Chiarraí
Éamonn Mac Niallais
Riarthóir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair
Alan Ó Maoldúin
Bainisteoir Cumarsáide Chumann Lúthchleas Gael, BÁC
Seán Ó Sé
Iar-Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge, Corcaigh
Seán Mac Donncha
Gníomhaí Pobail agus Óige, An Cheathrú Rua
Áine Ní Chiaráin
Craoltóir agus Iriseoir, Co. Mhaigh Eo
Maighréad Uí Mháirtín
Oideachasóir, Co. Thír Eoghain
Beidh ionadaí foirne le ceapadh ar an gComhairle chomh maith, agus beidh toghchán á reáchtáil leis an ionadaí sin a roghnú.
D'fháiltigh Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta Edel Ní Chuireáin roimh cheapadh na Comhairle nua:
Fáiltím go mór roimh an Chomhairle úr. Seo tréimhse thar a bheith cinniúnach ó thaobh na Gaeltachta agus cúrsaí craolacháin de agus polasaí fadthéarmach i leith na Gaeilge á phlé ag an rialtas faoi láthair. Tá mé ag súil le bheith ag obair leis an Chathaoirleach, Anna Ní Ghallchóir, agus baill uile na Comhairle chun leasa na seirbhíse.
Beidh an chéad chruinniú den Chomhairle nua ann i mí Mheán Fómhair.
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






