RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Cláracha Luan Cásca

Iris Aniar 9.30 am
Daoine óga ag caint faoi mar atá an saol don ghlúin óg sa lá atá inniu ann. Labhrann siad le Máirín Nic Con Iomaire faoi na brúnna éagsúla atá orthu - drugaí, ól, smidiú, stíl gléasta, caideamh collaí agus tuilleadh nach iad.

A group of young people talk to Máirín Nic Con Iomaire about what life is like for young people today, including different pressures to do with drugs, drink, makeup, dress and sex.


Barrscéalta 11.02 am
Agallamh le Bríd Ó Dochartaigh a bheidh le cloisteáil inniu in eagrán speisialta den chlár. Rugadh Bríd i nDoire Cholm Cille sa bhliain 1919. Iníon í le Joe Ó Dochartaigh a bhí ina Theachta Dála do Dhún na nGall sa chéad Dáil. Chuaigh sí ar scoil i gClochar Lughaidh i Muineachán, agus ina dhiaidh sin chaith sí blianta ag múineadh ann agus í ina bean rialta. Sna seascaidí bhain sí Céim Dochtúireachta amach sa Sorbonne i bPáras, agus rinne sí staidéar i Juilly, i Besançon, i Strasbourg agus sa Róimh, agus chaith sí fiche bliain i mbun teagaisc na fraincíse in Ollscoil Mhaigh Nuad. Sa chlár déanann sí cur síos d'Áine Ní Churráin ar a saol agus a fealsúnacht.

Today listeners will hear a special edition of the programme featuring an interview with Bríd Ó Dochartaigh. Bríd was born in Derry, the daughter of Joe Ó Dochartaigh, a TD for Donegal in the first Dáil. She attended secondary school in the Louis convent in Monaghan, where she later taught after becoming a nun. In the sixties she was awarded a Doctorate by the Sorbonne in Paris, and she also spent time studying in Juilly, Besançon, Strasbourg and Rome. She also spent twenty years teaching French in the university in Maynooth. She talks to Áine Ní Churráin today about her life and her philosophy.

An Saol ó Dheas 12.08 pm
Dónall Ó hÉalaithe, staraí ó Chúil Aodha, ag cur síos ar stair agus seanchas Mhúscraí Uí Fhloinn mar a thug sé léacht faoin ábhar ag Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin an Nollaig seo caite.

Historian Dónall Ó hÉalaithe from Cúil Aodha describes the history and folklore of Múscraí in a lecture he gave at Éigse Dhiarmuidín last December.


Chernobyl 1.30 pm
Cothrom an ama seo 25 bliain ó shin tharla an timpiste ollmhór núicléach i Chernobyl agus sa chlár seo caitheann Sorcha Ní Chéilleachair súil siar ar an méid a tharla. Labhrann sí le daoine a thug cuairt ar an gceantar agus a chonaic an dochar a deineadh faoin tslí a chuaigh sé i bhfeidhm orthu, agus labhrann sí chomh maith le bean a d'uchtaigh páiste as Belarus.

The Chernobyl nuclear disaster took place at this time 25 years ago and in this programme today Sorcha Ní Chéilleachair looks back at what happened. She will interview several people who have visited the area and experienced first hand the damage that was caused about how it affected them, and she will also speak to a woman who adopted a child from Belarus.

Ardtráthnóna 2.04 pm

Ar Ardtráthnóna inniu beidh amhráin na mbáid mhóra agus beagáinín seanchais faoi na báid le cloisteáil - An Mac Dara, An Capall, An Mhaighdean Mhara, An American Mór agus An Naomh Bairbre.

A programme about the songs written and the folklore about the 5 big boats An Mac Dara, An Capall, An Mhaighdean Mhara, An American Mór and An Naomh Bairbre.



Gaeil an Domhain Aontaithe 5.04 pm
Bunaíodh Coláistí an Domhain Aontaithe (United World Colleges) nuair a bhí an Cogadh Fuar faoi lán tseoil agus é mar aidhm acu comhthuiscint idirnáisiúnta a chothú a rachadh chun sochair an domhain. Is éard atá i gceist leis an togra go bhfaighfeadh déagóirí ó gach cearn den domhan deis freastal ar choláistí idirnáisiúnta lena gcuid meánscolaíochta a chríochnú, agus súil leis go gcothódh sé seo meas agus tuiscint níos fear iontu do chreidimh, do chultúr agus do chine a chéile.
As an 40,000 déagóir a d'fhreastal ar na coláiste UWC ó shin, bhí cainteoirí Gaeilge ina measc. Sa chlár seo tugann cuid de na daoine sin léargas dúinn ar thábhacht an tionscnaimh oideachais seo agus pléann said an tionchar a bhí ag an dá bhliain sin ar a saol féin ina dhiaidh. Á chur i láthair ag Cathal Póirtéir.

United World Colleges was a project set up during the Cold War with the goal of promoting a better understanding between nations to promote peace in the world. The project gives teenagers all over the world the chance to complete their secondary schooling in one of several international colleges, with the hope that interacting with other young people from different backgrounds will promote a better understanding and respect for their beliefs, their cultures and their ethnic backgrounds.
40,000 teenagers have taken part in this project to date, including several Irish speakers, some of whom will share their experiences with us in the programme today. Cathal Póirtéir presents.