RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Císte Corónach Nollag gan siúcra
Comhábhair:
110g/4 unsa sabhdánach (sultanas)
110g/4 unsa rísíní dorcha
110g/4 unsa rísíní órga
110g/4 unsa silíní dearga (ina ndá leath) glónraithe
110g/4 unsa aibreoga triomaithe mionghearrtha
50g/2 unsa chraicinn chriostalaithe mionghearrtha
50g/2 unsa piorraí nó úllaí triomaithe mionghearrtha
50g/2 unsa almóinní mionghearrtha
50g/2 unsa dátaí triomaithe mionghearrtha
50g/2 unsa figí mionghearrtha
50g/ 2 unsa cnónna brasaíleacha mionghearrtha
50g/ 2 unsa gallchnónna mionghearrtha
50g/2 unsa prúnaí mionghearrtha
110g/ 4 unsa plúir donn
0.25 taespúnóg noitmige
0.25 taespúnóg clóibh meilte
0.25 cainéil
3 ubh buailte
2-3 spúnóg bhoird branda
2 spúnóg bhoird triacla.
Modh:
1. Cuir na torthaí go léir i mbabhla mór.
2. Measc an plúr leis na spíosraí agus measc leis na torthaí.
3. Measc na huibheacha, branda agus triacla agus doirt seo isteach leis na torthaí agus measc go maith.
4. Doirt isteach i stáin fáinne gréisithe 20 cm / 8" agus bácáil i lár oigheann réamh-théite ag 160C/320F/Gás 3 ar feadh 40-50 nóiméad.
5. Fuaraigh ar thrádaire sreang, glónraigh le glónra aibreoige agus maisigh le leathanna gallchnó agus silíní glónraithe (glacé).
nó
Déan meascán siúcra reoáin (icing sugar) le braon breag uisce agus doirt mar fiarlán (zig zag) anuas ar bharr an chíste agus maisigh le silíní agus cnó nó angelica.
- NOW: An Taobh Tuathail
- NEXT: Scoth na hAoine
Súil Siar






