RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Cácaí Éisc
Comhábhair
225g/ 8 n-unsa d'iasc cócaráilte calógaithe (flaked)
225g/ 8 n-unsa fataí bruite, brúite
50g/ 2 unsa plúir
1 spúnóg bhoird im leáite
piobar agus salann - chun blaisiú
50g/ 2 unsa brúscar aráin (roghnach)
ola chun friochta
Modh
1. Measc na fataí, iasc, plúr, im, piobar agus salann i mbabhal.
2. Iompaigh amach ar losaid phlúrtha (floured board) agus roinn ina 3-4 phíosa.
3. Múnlaigh i gciorcail iad agus clúdaigh le bruscar aráin más mian leat.
4. Frioch go mbíonn dath breá órga orthu ar an dá thaobh.
N.B. Béile blasta agus folláin. Cuir chun boird le sailéad.
- NOW: An Taobh Tuathail
- NEXT: Scoth na hAoine
Súil Siar






