RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Builín Feola
Comhábhair
450g/1 punt mairtfheoil spíonta
110g/4 unsa bruscar aráin
1 oinniún mionghearrtha
1 spúnóg bhoird ketchup trátaí
1 spúnóg tae d'anlann worcestershire
1 spúnóg bhoird pheirsil mionghearrtha
1 spúnóg bhoird síobhais mionghearrtha
1 ubh buailte
piobar agus salann
Modh
1. Gréisigh stáin 9' X 4.5' / 23cm X 11 cm
2. Cas ar an t-oigheann ag 190C/375F/Gás 5.
3. Cuir an fheoil isteach i mbabhla mór, déan poll sa lár agus cuir isteach na comhábhair eile agus measc go maith go mbeidh meascán deas tiubh agat.
4. Doirt isteach sa stáin ullmhaithe, cothrom amach agus cuimil roinnt ketchup ar a bharr agus bácáil ar feadh thart ar 1 uair / 1.25 uair.
Nóta:
Bácáil fataí ag an am céanna agus cuir chun boird le cálslá nó sailéad.
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






