RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Tim McHugh, buaiteoir Bhonn Sheáin Uí Riada

Tim McHugh
Tim McHugh

Is é Tim McHugh as Baile Uí Fhiacháin i Maigh Eo buaiteoir Bhonn Óir Sheáin Uí Riada. Bhí 15 ceoltóir san iomaíocht i gcraobh an chomórtais Dé hAoine 13 Eanáir a craoladh beo ó Ostán an Rochestown Park i gCorcaigh. Bonn Óir agus seic €2500 an duais a bronnadh ar Tim.

Ba iad Mary Bergin, Michael Tubridy agus Matt Molloy na moltóirí - beirt acu a bhí i láthair san óstán, agus an tríú duine, Matt Molloy, a bhí ag éisteacht agus ag faire ar chóras Skype ó na hOileáin Chanáracha, 1500 míle ar shiúl.

As Baile Uí Fhiacháin i Maigh Eo do Tim, cé go bhfuil sé ag cur faoi i mBaile Átha Cliath le roinnt blianta anuas, áit a bhfuil sé ag obair mar innealtóir. Is óna mhuintir agus a chairde is mó a d'fhoghlaim sé a chuid ceoil, agus bíonn sé i mbun ceoil go rialta i gCathair na Mart, sa Daingean, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath.

Chuir os cionn 60 ceoltóir ó gach cearn den domhan isteach ar an gcomórtas, agus roghnaigh na moltóirí 15 acu sin le bheith san iomaíocht sa chraobh. Beidh comórtas na bliana seo ag teacht dírithe ar na píobaí uilleann agus ar an gcláirseach.

________________________

Flute player Tim McHugh from Newport in Mayo was announced as winner of the Seán Ó Riada gold medal and prize money of €2500 on Friday night. He was amongst 15 traditional flute and whistle players who took to the stage in the Rochestown Park Hotel in Cork on Friday 13 January to compete in the final.

The judges on the night were renowned musicians Mary Bergin and Michael Tubridy, and they were joined by Matt Molloy via Skype from 1500 miles away in the Canary Islands.

Speaking of his win, Tim said that he was surprised but delighted to have won, and that he had greatly enjoyed the night and the atmosphere. Tim learned most of his music from friends and family, and plays a lot around Westport, as well as in Dingle, Galway and around Dublin where he currently lives and works as an engineer.

The 15 finalists were chosen from among over 60 musicians from all over the world who entered the competition on RTÉ Raidió na Gaeltachta programme Cuireadh chun Ceoil.

Peadar Ó Riada inaugurated the competition two years ago, taking the idea from his father, the great Seán Ó Riada, who ran a similar competition on his radio programme in the sixties. For the coming year the competition will be open to pipes and harp.

Mary Bergin, Tim McHugh agus Michael Tubridy

Edel Ní Chuireáin, Ceannaire Raidió na Gaeltachta, le Tim McHugh