RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Brunch
Ubh scrofa le bradán deataithe
2-4 ubh mhóra úra
Pínse an-bheag salainn agus piobair
1 spúnóg bhoird d'ola lus na gréine
Téigh an ola ar fhriochtán gan greamú (non stick) go mbíonn sé breá te. Bris isteach na huibheacha, salann, piobar agus measc timpeall na huibheacha go tapaidh dhá mbriseadh suas. Nuair atá na huibheacha leath-réidh, cuir isteach an bradán deataithe gearrtha suas go mion. Measc go mbeidh an bradán te agus ith ar an toirt le tósta deas órga.
Nóta:
Seo caoi simplí le hubh scrofa a dhéanamh agus sábháfaidh sé am, níochán suas agus uisce ort. Bain triail as!
Uibheagán le liamhás agus glasraí
Comhábhair
4 ubh mhóra
225g/8 n-unsa fataí bruite, gearrtha i gciúbanna
oinniún gearrtha an-mhion
1/4 piobair dearg, gearrtha go mion
1/4 piobair glas, gearrtha go mion
1/4 piobair buí, gearrtha go mion
110g/4 unsa liamháis gearrtha ina phíosaí beaga
50g/2 unsa muisiriún, gearrtha ina bpíosaí beaga
25g/1 unsa ime
1 spúnóg bhoird d'ola lus na gréine
25g/1 unsa nó dhó cáis ghrátáilte ar deireadh
Téigh an friochtán go maith, doirt isteach an ola agus an t-im agus déan na glasraí go léir a fhriochadh ar dtús go mbíonn siad bog agus tóg ar leath-taobh ansin. Ansin, measc isteach na fataí, agus arís déan iad a fhriochadh go mbíonn siad donn agus te agus cuir leo na glasraí agus doirt na huibheacha buailte anuas orthu seo go léir agus lig dóibh rith tríd na glasraí agus na fataí.
Nuair atá íochtar an uibheagáin deas donn agus an barr teann, craith an cháis anuas air agus déan é a chriochnú faoi ghríoscán (grill) te go mbeidh sé donn, órga. Lón breá téagartha.
Tósta Francach
Comhábhair
2-3 ubh buailte
150ml/1/4 pionta bainne
Pinse siúcra más mian leat
6-8 slis builín
Measc na huibheacha buailte agus bainne le chéile agus siúcra más mian leat (is mian liom). Tom na slis builín sa mheascán uibhe ar an dá thaobh. Déan iad a fhriochadh go tapaidh in ola lus na gréine ar fhriochtán te nó úsáid im gan salainn chun friochta.
Cuir chun boird le:
(a) Meascán torthaí agus mil
(b) Iógart nó crème fraîche agus meala
(c) Slis bríosa bagúin friochta
Go deas freisin le hispíní órga nó putóg dubh rósta.
Nóta: Doirt neart meala orthu nó fiú síoróip órga má tá fiacal milis agat! Tá sméara nó úlla strúisithe an-deas leo.
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






