RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Bradán deataithe agus Pasta
Comhábhair
450g/1 phunt tagliatelle
425ml/3/4 pionta uachtair
150g/6 unsa bradán deataithe
1 oinniún gearrtha ina phíosaí beaga
50g/2 unsa ime
160g/4 unsa muisiriúin i sliseanna
125g/5 unsa cáis parmesan nó cheddar
Modh
Déan an pasta a bhruith i neart uisce goirt agus cúpla braon ola nó go mbíonn sé al dente nó bog. Séalaigh go maith, go mbeidh gach deor uisce silte as. Gearr an bradán deataithe i stíola beaga. Leáigh an t-im i sáspan, measc isteach an t-oinniún agus measc go mbeidh an t-oinniún bog. Cuir leis seo na muisiriúin agus cócaráil ar feadh 3 nóiméad. Cuir isteach an t-uachtar, cáis agus na stiala bradáin agus cócaráil go mbeidh siad go léir te.
Doirt anuas an t-anlann deas te seo ar an pasta te cócaráilte.
Cuir chun boird le sailéad glas agus arán gairleoige.
Arán Gairleoige
Comhábhair
1 bhuillín fada tanaí, gearrtha i sliseanna
50g/2 unsa ime measctha le garleog úr brúite
Modh
Cimil an t-im seo ar dhá thaobh gach slis, cas i bpíosa stáin pháipéir agus téigh san oigheann go mbíonn an t-im leáite thríd an arán te.
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






