RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Bonn Óir Sheáin Uí Riada 2012

Beidh 15 fliúiteadóir den chéad scoth ó Alba, ón bhFionlainn, ó Mheirceá, ó Shasana agus ón tír seo ar stáitse in Óstán an Rochestown Park Dé hAoine 13 Eanáir ó 7pm agus iad san iomaíocht do Bhonn Óir Sheáin Uí Riada agus duais €2500 chomh maith. Is é seo an dara bhliain do Pheadar Ó Riada an comórtas a reáchtáil, agus is í an aidhm atá leis clann éisteoirí a chláir Cuireadh chun Ceoil a thabhairt le chéile agus líonra a fhorbairt le cúnamh ón nua-theicneolaíocht.

Matt Molloy, Mary Bergin agus Michael Tubridy na moltóirí ar an gcomórtas, agus beidh sé á chraoladh beo ar an idirlíon ag www.cuireadhchunceoil.ie .

Tá ráta speisialta €40 ar leaba agus bricfeasta, agus ticéad don ócáid, le fáil ón Rochestown park.

Is í an fidléir Aoife Ní Bhriain a thug léi Bonn Óir Sheáin i Riada sa chraobh i mí Eanáir na bliana seo.

Is é Pádraig Ó Mathúna as Caiseal Mumhan a rinne an dearadh ar an mbonn agus thóg sé beagnach 4 mhí air é sin a dhéanamh. Portráid Sheáin Uí Riada atá ar thaobh amháin den bhonn, agus iomhá atá greannta ar an taobh eile atá bunaithe ar Dhán Aimhirgín - an chéad dán Gaeilge a cumadh ariamh, de réir an tseanchais. Is

_______________________________________________

On Friday 13 January 15 flute players will take to the stage in the Rochestown Park Hotel in Cork to compete for the Seán Ó Riada gold medal. The finalists come from Finland, Scotland, the US, England and Ireland, and the winner will be awarded the medal as well as a cheque for €2500. Peadar Ó Riada initiated the competition last year, and so this will be the second time that the medal will be awarded.

Matt Molloy, Mary Bergin and Michael tubridy will judge the competition, and it will be broadcast live on www.cuireadhchunceoil.ie

There is a special rate of €40 for B&B and breakfast in the Rochestown Park Hotel for the occasion.

Fiddler Aoife Ní Bhriain was awarded the medal in the inaugural year.

Pádraig Ó Mathúna from Cashel in Tipperary designed the medal which features an image of Seán Ó Riada on one side and an image on the other side based on Dán Aimhirgín - the first Irish-language poem ever written, according to legend.