RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Bonn Óir Sheáin Uí Riada
Tá fáilte anois roimh iarrachtaí ó cheoltóirí ar an bhfeadóg mhór agus ar an bhfeadóg stáin a bhfuil spéis acu cur isteach ar an gcomórtas ceoil atá á reáchtáil ag Peadar Ó Riada ar a chlár Cuireadh chun Ceoil ar RnaG don dara bhliain as a chéile. Bonn Óir Sheáin Uí Riada agus seic €2500 a bheidh le fáil ag an mbuaiteoir. Bíonn Cuireadh chun Ceoil le cloisteáil ar RnaG oícheanta Aoine agus tá líon ard éisteoirí ag an gclár atá lonnaithe thar lear. Is í an aidhm atá ag Peadar leis an gcomórtas seo an clann éisteoirí a thabhairt le chéile agus líonra a fhorbairt le cúnamh ón nua-theicneolaíocht. Le cur isteach ar an gcomórtas, ba cheart d'iarrthóirí 5 traic a uaslódáil go www.cuireadhchunceoil.ie faoin 31 Deireadh Fómhair. Beidh cuid de na hiarrachtaí le cloisteáil ar Chuireadh chun Ceoil, agus is féidir leis an bpobal éisteacht leo chomh maith trí chlárú leis an suíomh idirlín. Is í an fidléir Aoife Ní Bhriain a thug léi Bonn Óir Sheáin i Riada sa chraobh i mí Eanáir na bliana seo.
RTÉ Raidió na Gaeltachta presenter, musician and composer Peadar Ó Riada has initiated the second year of the music competition on his radio programme Cuireadh chun Ceoil which is open this year to flute and whistle players. A shortlist of winners will be invited to perform in Cork in early January, and the winner will receive a gold medal, Bonn Óir Sheáin Uí Riada, named in honour of Peadar's father Seán Ó Riada, and €2500. Technical proficiency is not enough to win this competition, however, and entrants must also demonstrate creativity and musicality in their playing.
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






