RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Bonn Óir RTÉ Raidió na Gaeltachta

Diarmaid Ó hAinifidh + Peadar Mac an Iomaire, Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Diarmaid Ó hAinifidh + Peadar Mac an Iomaire, Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Bhronn Stiúrthóir Cláir RTÉ Raidió na Gaeltachta, Seán Ó hÉanaigh, Bonn Óir RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Dhiarmaid Ó hAinifidh ag ócáid i gceanncheathrú na seirbhíse i gCasla Dé hAoine, 14 Lúnasa 2009.

Bronnadh an bonn ar Dhiarmaid as an gcaighdeán is airde a bhaint amach ar an Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 2008.

Dúirt Peadar Mac an Iomaire, Príomhfheidhmeannach an Acadaimh:
"Ba mhaith liom thar cheann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le Diarmaid ar bronnadh Gradam Bonn Óir RTÉ Raidió na Gaeltachta air mar gheall ar a chuid éachtaí acadúla, an obair eisceachtúil, an díograis agus an diongbháilteacht a léirigh sé agus é mar mhac léinn ar an Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach anseo in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh".

Is as Baile Pheire, Baile Átha Cliath, Diarmaid. Bhain sé Céim Chéad Onóracha amach sa Ghaeilge agus sa Stair in 2007 i gColáiste na Trionóide, Baile Átha Cliath. Chaith sé tréimhse ar thaithí oibre leis an gcomhlacht léiriúcháin teilifíse Scun Scan agus Adare Productions. Faoi láthair, tá sé fostaithe mar Oifigeach Forbartha Léiriúcháin le Scun Scan Teo. i Rath Cairn, Co. na Mí. Sé Diarmaid a chuireann an clár 'Cúinne Chonspóide' i láthair ar Raidió na Life agus faoi láthair tá Diarmuid ag forbairt an leagan Gaeilge den chluiche 'Scrabble' a bheidh ar fáil roimh dheireadh na bliana.

"D'éirigh thar barr le Diarmaid ar an Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach i rith na bliana agus bhí muid thar a bheith tógtha leis an tsamhlaíocht, iarracht agus fuinneamh a léirigh sé i rith na tréimhse a chaith sé linn ar An gCeathrú Rua" a dúirt Riarthóir na Cumarsáide, Rónán Ó Dubhthaigh. "I measc na n-éachtaí a bhain Diarmaid amach bhí dhá ghradam SMEDIA, don chlár teilifíse Gaeilge is fearr agus an clár teilifíse ab fhearr sa chomórtas."

Bronntar an Bonn Óir, atá urraithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, go bliantúil ar an té is fearr a dhéanann dul chun cinn ar chúrsa an Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach. Is cúrsa é seo a chuireann oiliúint phraiticiúil ar mhic léinn i gcúrsaí raidió agus teilifíse, i dteannta le hoiliúint i gcúrsaí Gaeilge, Dlí agus Scileanna Ríomhaireachta. Ní critéir acadúla amháin a chuirtear san áireamh i mbronnadh an Bhoinn Óir ach forbairt iomlán an mhic léinn le linn an chúrsa bliana seo.

Tá an tArd-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach atá á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar bun anois le cúig bliana déag agus tá iarbhuaiteoirí ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh maith le heagraíochtaí ar nós TG4, RTÉ idir raidió agus teilifís, BBC Thuaisceart Éireann, agus a leithead.