RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Sailéad Caprese
Comhábhair
Trátaí
Cáis mozzerella Buffalo
Salann agus piobar
Finéagar Balsamic
Ola olóige
Basil úr mionghearrtha

Modh
Gearr an cháis agus na trátaí ina slisíní agus leag ar an bpláta iad - leath ag clúdú a chéile. Cuir salann agus piobar anuas orthu, gearr an basil ina phíosaí beaga nó stróic é. Cuir beagáinín ola olóige anuas ar an mhias agus cuir rúinne beag balsamic thart ar an bpláta.

Bradán Bácáilte i bPár, nó stáin-pháipéir

Comhábhair
225g/0.5 phunt b'fhilléad bradáin
1 chairéad gearrtha i gcipíní
1 phíosa soiléire gearrtha i gcipíní
Píosa beag canainn
Piobar agus Salann
25g/1 unsa ime

Modh
1. Gearr amach 4 chiorcal de pháipéar pár páipéar gréiscdhíonach stáin pháipéar agus gréisigh le h-im (ciorcail thart ar 20-25cm/8-10 n-orlaigh).
2. Cuir péire acu ar stáin bácála mór.
3. Roinn na glasraí idir an dá chiorcal.
4. Déan dhá leath den phíosa bradáin agus cuir ar bharr na nglasraí.
5. Cuir píosa beag ime ar bharr an bhradáin agus piobar agus salann.
6. Clúdaigh leis an dá chiorcal eile páipéir agus daingnigh na himill go cúramach chun an ghal a choinneáil istigh.
7. Bácáil in oighean réamh-théite ag 200C/400F/Gás 6 ar feadh thart ar 20 nóiméad.
8. Cuir chun boird láithreach agus oscail lár an pháipéir ag an mbord chun an bolad breá a fháil.

Go deas le fataí bácáilte.

Fool Biabhóige - do cheathrar (biabhóg=rhubarb)
Comhábhair
1lb Biabhóige
6 unsa siúcra
0.5 unsa sinséar úr
0.5 phionta uachtar coipthe

Modh
Glan an bhiabhóg, gearr ina phíosaí é agus cuir isteach i bpota le cúpla braon uisce agus an siúcra agus an píosa sinséir. Ficuhu go mall go mbeidh sé bog. Tóg amach an píosa sinséir agus lig don meascán fuarú. Coip an t-uachtar, measc 3/4 den uachtar leis an mbiabhóg agus cuir isteach i ngloiní fíona. Líon le huachtar agus clúdaigh le seacláid grátailte.