RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Blúirín Blasta

Máirín Uí Chomáin
Máirín Uí Chomáin
Bríd Ní Chualáin
Bríd Ní Chualáin

Dé Sathairn 10.45 r.n.
Láithreoir: Máirín Uí Chomáin
Léiritheoir: Bríd Ní Chualáin
bluirinblasta@rte.ie

Podchraoladh/Podcast

Eagrán Speisialta - Dé Domhnaigh 28 Meitheamh

Dé Domhnaigh 28 Meitheamh beidh eagrán speisialta de Bhlúirín Blasta le cloisteáil. Ní bheidh Máirín ina haonar an mhaidin sin mar go mbeidh mac dearthára léi, an cócaire cáiliúil Máirtín Mac Con Iomaire, in éineacht léi agus iad beirt ag obair as láimh a chéile. Is é seo an clár deireanach sa tsraith. Is as Baile Átha Cliath do Mháirtín, cé go bhfuil ceangal láidir aige le Conamara. Is é a chuir an tsraith cláracha cócaireachta Aingeal sa Chistin i láthair ar TG4 i mbliana agus i 2007. Is léachtóir é in Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath i Sráid Chathail Brugha agus tá os cionn 15 bliain caite aige ag obair mar chócaire sa tír seo agus thar lear agus neart duaiseanna bainte aige.

Sunday 28 June Máirín Uí Chomáin and her nephew Máirtín Mac Con Iomaire will be cooking up a storm for listeners on a special half-hour edition of Blúirín Blasta and this special programme will be the final one. Máirtín is from Dublin and works as a lecturer in the School of Culinary Arts and Food Technology, DIT Cathal Brugha St. He has over 15 years experience of work as a chef at the highest levels both in Ireland and internationally and has won numerous awards. He also featured in his own cookery programme on TG4 over the last 2 years, Aingeal sa Chistin.

Oidis anseo don eagrán speisialta de Bhlúirín Blasta 28/6/2009


Is clár cócaireachta é Blúirín Blasta faoi stiúir an chócaire agus an saineolaí bia, Máirín Uí Chomáin. Beidh Máirín ag réiteach miasa éagsúla agus ag cur comhairle ar éisteoirí maidir le bia folláin, le béim ar bhéilí atá sláintiúil ach éasca le réiteach a bhaineann úsáid as glasraí agus torthaí atá i seasúr. Beidh sí ag cuimhneamh go háirithe ar mháthaireacha atá ag obair taobh amuigh den bhaile agus í ag moladh béilí a bheadh feiliúnach don reoiteoir.

Is as Conamara do Mháirín Uí Chomáin agus tá aithne mhaith ag éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta uirthi mar gur minic í le cloisteáil ar chláracha éagsúla ag cur comhairle ar éisteoirí faoi chúrsaí bia. Tá sí ina cathaoirleach ar an Irish Food Writers' Guild agus is baill den ghluaiseacht Slow Food í. Tá rian a cuid oibre fágtha aici ar thionscal na gclár cócaireachta teilifíse chomh maith agus dhá shraith clár curtha i láthair aici ar RTÉ 1, Cuisine le Máirín agus Encore Cuisine le Máirín. Tá cónaí ar Mháirín in Órán Mór.

Cuirfear fáilte roimh cheisteanna agus roimh mholtaí ó éisteoirí.

Is í Bríd Ní Chualáin léiritheoir na sraithe.

Oidis anseo do smúdairí agus sútha torthaí

Oidis anseo d'fhillteoga tortilla
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo d'uibheacha forlíonta
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo do Sailéad de Mhaicréal Deataithe
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo do Scónaí Tae Milse
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo do Chíste Seacláide don Cháisc
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo d'Arán Cáise
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo d'Arán Donn
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo d'fhataí cúrach bácáilte le cáis
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo do mhuisiriúin le cillí agus gairleog
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo do chácaí éisc
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo do Dhing Fataí Spíosraí
Éist leis an gclár anseo

Béile rómánsúil do Lá Fhéile Vailintín
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo do churaí muicfheola agus oráiste
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo do phíosaí sicín bácáilte
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo do Rollaí Cabáiste agus Mairthfheola
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo do Phióga Bheaga Éisc Deataithe
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo d'Arán Bananaí
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo do Phióg Turcaí agus Glasraí
Éist leis an gclár anseo

Oidis anseo do dhinnéar na Nollag
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo do Pâté de Mhaicréal Deataithe
Éist leis an gclár anseo

Oideas do Chíste Corónach Nollag anseo
Éist leis an gclár anseo

Oideas d'Anraith Oinniúin Fhrancach anseo
Éist leis an gclár anseo

Oideas d'úlla bácáilte forlíonta anseo
Éist leis an gclár anseo

Oidis anseo d'aráin dóibh siúd nach fédir leo cruithneacht a ithe
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo le haghaidh builín feola
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo do mharóg aráin agus ime
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo do bháirín breac na Samhna
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo do bhradán deataithe agus pasta
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo d'arán oráiste agus aibreoga
Éist leis an gclár anseo

Oideas anseo d'iasc bán le cáis agus maonáis
Éist leis an gclár anseo

Oidis anseo d'anraith leitíse agus d'anraith tornapaí
Éist leis an gclár anseo

Oidis anseo do bhrunch
Éist leis an gclár anseo 20/9/2008

Oidis anseo do mhuifíní
Éist leis an gclár anseo - 13/9/2008

Oidis anseo do phancóga agus do scónaí silte
Éist leis an gclár anseo - 6/9/2008