RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Béile Lá Fhéile Vailintín
Fondue Cáise
Comhábhair
225ml/9 lacht n-unsa fíon bán tirim
125g/ 5 n-unsa cáiste Emmental grátáilte
125g/ 5 n-unsa cáise Gruyère grátáilte
15g/0.5 unsa gránphlúir (cornflour)
0.5 taespúnóg sú liomóide.
1 spúnóg bhoird fíona le meascadh leis an ngránphlúr.
Pinse beag paiprice, piobair bháin agus noitmig grátáilte.
Modh
1. Measc an gránphlúr, piobar, paiprice agus noitmig leis an spúnóg bhoird fíona agus fág ar leataobh.
2. Téigh an fíon agus sú liomóide i bpota.
3. Go cúramach, measc isteach na cáiseanna de réir a chéile, coinnigh dhá meascadh agus tug go pointe fiuchta.
4. Doirt isteach an lacht ghránphlúir agus bruith ar feadh thart ar 2-3 nóiméad.
5. Cuir os cionn lasrach - coinneal nó ola - i lár an bhoird.
6. Tum geampaí nó ciúba beaga aráin deas úr le spíora fada isteach sa lacht cáise agus bíodh gloine deas fíona agat leis agus do chairde nó grá do chléibh led' thaobh!
Fondue Seacláide
Comhábhair
50g / 2 unsa seacláide dorcha ( i bpíosaí beaga)
50g / 2 unsa uachtair
Torthaí ar nós sútha talún, ciúba úll nó annan srl.
Modh
1. Téigh an t-uachtar beagán agus ansin cuir leis na píosaí seacláide. Measc ó am go chéile.
Nóta: Má tá an meascán ró-lachtúil, cuir píosaí eile seacláide leis. Má tá sé ró-thiubh, cuir tuilleadh uachtair thríd.
Déan an oiread is maith leat - ag coinneáil na gcomhábhair cothrom.
Socraigh na torthaí úra amach ar phláta mór i lár an bhoird agus tom sa lacht seacláide iad , ag úsáid forc nó spiora fada.
Nóta: Ná dearmad na coinnle a lasadh agus an bord a chóiriú go deas - seo lá agus bia rómánsúil.
Bain sult agus tairbhe as!
Fondue Seacláide Toblerone
Comhábhair
225g / 8 n-unsa Toblerone
25g / 1 unsa ime
150ml / 0.25 pionta uachtair
Cuir na comhábhair isteach i mbabhla pyrex os cionn sáspan uisce fiuchta. Measc go mbeidh an t-iomlán deas lachtúil ag úsáid tuilleadh uachtair má tá gá leis.
Cuir i lár an bhoird os cionn lasair bheag agus cuir marshmallows agus torthaí úra mar sútha talún, ciúba anann, fíonchaora srl. i lár an bhoird agus tom sa lacht seacláide iad , ag úsáid forc fada nó spiora miotail.
Milseog do na Déithe é seo!
- NOW: Scoth na hAoine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






