Barrscéalta

11:02 - 12:00 Luan-Aoine / Mon-Fri

Barrscéalta Dé hAoine 25 Iúil 2014

Éist anois

Barrscéalta

Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta.

Éist anois

Barrscéalta an tSamhraidh: Dé hAoine 25 Iúil 2014.

Aogán Ó Fearghail - aoi speisialta sa stiúideo: Hughie Mac Giolla Bhríde -campál ar an tráigh: Brian Ó Canainn - éirí as a phost inniu mar Mháistir Poist: Pádraig Chit Ó Beirn -Cuireadh Paidí Chit Ó Beirn i gCré na Cille inné, seanchaí as Teileann a chluinfí ar an raidió go minic: Pádraig Mac Giolla Easbaig - Ag caint ar Phaidí Chit Ó Beirn a fuair bás an tseachtain seo agus a cuireadh inné.

 

Éist anois

Aogán Ó Fearghail, Uachtarán úr Chumann Luthchleas Gael

Bhí Aogán mar aoi speisialta sa stiúideo agus é ag caint ar na haidhmeanna atá aige agus faoi na forbairtí atá beartaithe ag an CLG le linn a thréimhse mar uachtarán.

Éist anois

Hughie Mac Giolla Bhríde, Cathaoirleach Choiste Phort Arthur

Ag caint ar an gcruinniú a bhí acu aréir agus an soiléiriú atá fáighte faoin dualgas atá ar Chomhairle Condae Dhún na nGall maidir le líon na ndaoine atá ag campáil thíos ar an tráigh.

Éist anois

Brian Ó Canainn, Máistir Poist Leitir Mhic a Bhaird

Tá Brian Ó Canainn ag éirí as a phost inniu mar Mháistir Poist i ndiaidh do Chlann Uí Chanainn a bheith i mbun na hoifige poist i Leitir Mhic a Bhaird le 102 bliain.

Éist anois

Pádraig Chit Ó Beirn as Teileann

Cuireadh Paidí Chit Ó Beirn i gCré na Cille inné, seanchaí as Teileann a chluinfí ar an raidió go minic - seo píosa beag cainte a rinne sé le Feardorcha Ó Colla ag an am a chuaigh bád iascaireachta an Carraig Úna go tóin poill.

Éist anois

Pádraig Mac Giolla Easbaig as Teileann

Ag caint ar Phaidí Chit Ó Beirn a fuair bás an tseachtain seo agus a cuireadh inné.

Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta, mar aon le scéalta as na sé chontae, an Cabhán agus Muineachán.

The programme covers diverse topics of interest to Donegal people at home and abroad. The programme also covers stories from the six counties as well as Cavan and Monaghan.

Ábhar a casadh ar an gClár

  • Teideal: Glentown
    Cumadóir: Trad Arr
    Ceoltóir(í): Dónal Lunny
    Ceoltóir(í): Dónal Lunny
    Albaim: Coolfin, HUMMINGBIRD, CDHBRTE 221
    Faid: 0:58
  • Teideal: Glentown
    Cumadóir: Trad Arr
    Ceoltóir(í): Dónal Lunny
    Ceoltóir(í): Dónal Lunny
    Albaim: Coolfin, HUMMINGBIRD, CDHBRTE 221
    Faid: 0:58

Barrscéalta

Clár is deireanaí

Láithreoir / Presenter: Michelle Nic Grianna
Léiritheoir / Producer: Colm Ó Dúlacháin

Sceideal Féach sceideal