Barrscéalta Dé Luain 14 Iúil 2014
Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta, mar aon le scéalta as Na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
The programme covers diverse topics of interest to Donegal people at home and abroad, as well as stories from the six counties, Cavan and Monaghan.
Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta.
Uinseann Ó Domhnaill & an tIriseoir Séamus Mac Cionnaith - taisme tragóideach a tharla ag Pointe Charraig an Rois tráthnóna Dé Satharn: Breandán Ó Dufaigh -Heather Humphries a ceapadh mar Aire Ealaíne agus Gaeltachta san atheagar a d’fhóghair an Taoiseach ar an tseachtain is a chuaigh thart: Seán Ó Maoilste - cluiche inné idir Ard Mhacha agus Tír Eoghain: Agallamh speisalta - Elaine agus Charlotte Ní Dhuibheannaigh ag caint ar an droch bhliain a bhí acu mar gheall ar chúrsaí sláinte.
Ag caint ar an taisme tragóideach a tharla ag Pointe Charraig an Rois tráthnóna De Satharn inár báitheadh an tOirmhíneach Stewart Jones a bhí mar thumadóir.
Ag caint ar Heather Humphries a ceapadh mar Aire Ealaíne agus Gaeltachta san atheagar a d'fhóghair an Taoiseach ar an tseachtain is a chuaigh thart.
Ag caint ar an chluiche inné idir Ard Mhacha agus Tír Eoghain.
Elaine agus Charlotte Ní Dhuibheannaigh ag caint ar an droch bhliain a bhí acu mar gheall ar chúrsaí sláinte. Scéal tragóideach ach deireadh dearfach!
barrscealta@rte.ie
+353 74 95 31244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir / Presenter: Áine Ní Churráin
Léiritheoir / Producer: Colm Ó Dúlacháin