Barrscéalta Dé hAoine 20 Meitheamh 2014
Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta, mar aon le scéalta as Na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
The programme covers diverse topics of interest to Donegal people at home and abroad, as well as stories from the six counties, Cavan and Monaghan.
Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta.
Séamus Ó Domhnaill - ceadúnas pleanála: Éamonn Mac Aoidh - Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall: Piaras Ó Dochartaigh - córas úr Glas: Éilis Barrett - Conradh PSO: Vox Pop - Corn an Domhain: John Joe Ó Dochartaigh - cluiche Dhún na nGall Dé Domhnaigh in éadan Aontroma.
Ag caint ar an laghdú suntasach atá tagtha ar líon na gceadúnas pleanála sa chontae.
Ag caint ar Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall atá ag toiseacht inniu.
Ag caint ar na deacrachtaí a bhéas ag feirmeoirí beaga leis an chóras úr Glas atá an rialtas a thabhairt isteach in áit na scéimeanna REPS agus an AEOS.
Ag caint ar an síniú ama atá tugtha ag an Aire Iompar Leo Varadker don chonradh PSO.
Ag fáil tuairimí ón phobal, go háirithe ó mhná, faoi Chorn an Domhain agus an oiread peile atá ar an teilifís san am i láthair.
Ag caint ar chluiche Dhún na nGall Dé Domhnaigh in éadan Aontroma.
barrscealta@rte.ie
+353 74 95 31244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir / Presenter: Áine Ní Churráin
Léiritheoir / Producer: Colm Ó Dúlacháin