Barrscéalta

11:02 - 12:00 Luan-Aoine / Mon-Fri

Barrscéalta Dé hAoine 31 Eanáir 2014

Éist anois

Barrscéalta 31012014

Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta.

Éist anois

Barrscéalta: Dé hAoine 31ú Eanáir 2014.

Clár Iomlán  -  Áine Ní Churráin

Éist anois

John Shéamuis Ó Fearraigh.

Feachtas a thoiseacht aige le Oifig an Phoist ar an Bhun Beag a choinneáil oscailte. Cruinniú ar an Luan in Acadamh na hollscolaíochta ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair

Éist anois

An tAth Donnchadha Ó Cuinn, Sagart Paróiste An Fhál Charraigh.

Tá banc na hÉireann i ndiaidh a chur in iúil nach dtig airgead o scéim coigiltis na paróiste a chur isteach i gcuntas taisce sa bhanc, caithfidh sé dul isteach i gcuntas reatha áit nach bhfuil ús ar fáil.

Éist anois

An Comhairleoir Contae, Micheál Ó Coinn.

Ag cur síos ar mar a theip an soláthar cumhachta in Otharlann Leitir Ceanainn Dé Domhnaigh seo caite.

Éist anois

Seán O Beirn, Oifigeach Caidrimh Poiblí Chumann Siúlóirí Sliabh Liag

Ag déanamh cur síos ar imeachtaí na bliana seo caite agus na pleananna don bhliain romhainn. Beidh uasghrádú a dhéanamh ar shuíomh ghréasáin an chumainn.

Éist anois

Síle Uí Ghallchóir Oifigeach na Gaeilge as CLG Gaoth Dobhair.

Ag iarraidh ar dhaoine clárú do chomórtas Scór a bhéas ar siúl, seachtain ón oíche amárach. Cormac Mac Gairbheith ó fho-chumann CLG Naomh Muire ag gearán nach bhfuil cothrom na féinne a thabhairt don Ghaeilge i gComórtas Scór.

Éist anois

John O' Brien, iascaire as Machaire Rabhartaigh.

Ag labhairt faoi go bhfuil fearg air faoi chaighdeán na h-oibre cothúala atá ar siúl ag an ché maidin inniu.

 

Éist anois

Aodh Mac Laifeartaigh.

A thuairimí faoi chluiche sraithe an Domhnaigh idir Dún na nGall agus Laois agus an séasúr peile atá romhainn.

Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta, mar aon le scéalta as na sé chontae, an Cabhán agus Muineachán.

The programme covers diverse topics of interest to Donegal people at home and abroad. The programme also covers stories from the six counties as well as Cavan and Monaghan.

Barrscéalta

Clár is deireanaí

Láithreoir / Presenter: Michelle Nic Grianna
Léiritheoir / Producer: Aodh Mac Laifeartaigh

Sceideal Féach sceideal