Barrscéalta Dé Máirt 28 Eanáir 2014
Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta, mar aon le scéalta as Na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
The programme covers diverse topics of interest to Donegal people at home and abroad, as well as stories from the six counties, Cavan and Monaghan.
Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta.
Tá teagmháil déanta ag Príomh Fheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall Shaun Purcell leis an Aire Airgeadais Michael Noonan maidir leis na táillí atá a ngearradh ar phrintísigh.
Ag cur síos ar thionscnaimh CSPE. Fosta tuairimíocht an phríomhoide maidir leis na leasaithe atá beartaithe sa Teastas Shóisearaigh.
Ag tuairisciú go bhfuil muintir na h-áite mí-shásta nach bhfuil stáisiún Gardaí na gCealla Beaga oscailte ach ar feadh 3 uair an chloig in aghaidh an lae.
Ag labhairt faoi go bhfuil easpa seirbhís leathan bhanda sásúil ag cur isteach go mór ar dheiseanna fostaíochta ar an Oileán.
Cruinniú faoin pleanáil teanga ar siúl anocht i nGaoth Dobhair.
Mír rialta ar chúrsaí leighis.
Ag fógairt go bhfuil sé cinntithe ag Feidhmeannach na Seirbhísí Sláinte go gcoinneofar an t-Altra Pobail lán-aimseartha ar Oileán Árainn Mhór agus nach bhfuil se beartaithe aon athraithe a chur i bhfeidhm. An Feisire Eorpach Pat Cope O Gallchóir ag fáiltiú roimh an scéala.
barrscealta@rte.ie
+353 74 95 31244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir / Presenter: Áine Ní Churráin
Léiritheoir / Producer: Colm Ó Dúlacháin