Barrscéalta Déardaoin 21 Samhain 2013
Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta, mar aon le scéalta as Na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
The programme covers diverse topics of interest to Donegal people at home and abroad, as well as stories from the six counties, Cavan and Monaghan.
Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta.
A rá go mbeidh siad ag brath níos mó ná ariamh ar thacaíocht an phobail chun cuidiú le teaghlaigh a bhfuil deacrachtaí móra airgid acu an Nollaig seo.
Tharla eachtra aréir gar don teorann idir contae Dhún na nGall agus cathair Dhoire, áit gur ordaíodh do thiománaí bus buama a iompair go dtí stáisiún na bPóilíní ar Bhóthar na Trá i lár na cathrach.
Tá imní léirithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreacht agus Gaeltachta maidir le gné amháin d'fhorbairt atá beartaithe do shuíomh in aice le trá i gCarraig Airt.
Beidh Lá Eolais ar siúl i Leitir Ceanainn amárach dírithe ar fhuinnimh inathnuaite agus an dóigh le costais fuinnimh a laghdú.
Taispeántas ag tosú ann amárach ag déanamh cur sios ar an imirce in Iarthair Dhún na nGall.
Ócáid chuimhneacháin á heagrú ag an gCumann Scaoil Saor ó Ailse i gcuimhne na ndaoine a fuair bás le hailse.
barrscealta@rte.ie
+353 74 95 31244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir / Presenter: Áine Ní Churráin
Léiritheoir / Producer: Colm Ó Dúlacháin