Barrscéalta

11:02 - 12:00 Luan-Aoine / Mon-Fri

Barrscéalta Dé hAoine 30 Lúnasa 2013

Éist anois

Barrscéalta

Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta.

Éist anois

Máire Mhic Pháidín ó Choiste Pobail Ghort a Choirce agus Seán Ó Gallachóir ó Ghleann Fhinne Teoranta.

Ag caint ar na deontais atá ceadaithe ag Comhlucht Forbairt Áitiúil Dhún na nGall do dhá thogra sna ceantair sin.

Éist anois

Seán Ó Coistealbha agus Noel Ó Gallachóir

Príomhfheidhmeannach Mhuintearas ag caint ar an bhainisteoir úr atá ceapaithe ar Naíolann Ghaoth Dobhair agus fosta é féin agus Príomhoide Phobailscoil Ghaoth Dobhair, ag caint ar an scéim úr sealbhú teanga atá le cur ar bun i gcomhar leis an Phobailscoil agus Scoil Náisiúnta an Luinnigh.

Éist anois

Martina Nic Candles.

Aisling Ní Fhearraigh ag caint le Martina Nic Candles atá lonnaithe i Sydney na hAstráile.

Éist anois

Con Ó Domhnaill, oifigeach cultúir CLG Dhún na nGall agus Dónal Mac an Ailín, oifigeach cultúir Chomhairle Uladh.

Ag caint ar na hathruithe atá déanta ag Páirc a Chrócaigh ar chomórtas Scór agus an mhíshástacht atá ar na cumainn maidir leis na hathruithe seo.

Éist anois

Breandán Ó Baoill, Bainisteoir fhoireann sóisear na mban i nGaoth Dobhair agus cúigear dena cailíní.

Ag caint ar an bhua a bhí acu an deireadh seachtaine is a chuaigh thart nuair a thug siad leo Corn Sóisear na mBan don chéad uair.

Éist anois

Hughid Phaidí Dubh Ó Gallachóir.

Ag déanamh cur síos ar an dúshlán a thug sé faoi an tseachtain seo.

Barrscéalta

Clár is deireanaí

Láithreoir / Presenter: Áine Ní Churráin
Léiritheoir / Producer: Colm Ó Dúlacháin

Sceideal Féach sceideal